Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Aonaid Foghlama Tosaíochta Thara

ATF 1: Cumarsáid, teanga agus litearthacht

Réimse riachtanais an-mhór do Thara is ea cumarsáid, teanga agus litearthacht. Tá sé curtha in iúl ag tuismitheoirí Thara go bhfuil dul chun cinn chumarsáid Thara tábhachtach dá gníomhaíochtaí laethúla ar fad agus cuireann siad in iúl a mian go bhforbraítear a tuiscint agus a cur in iúl.

Gné: Caidreamh/Tuiscint chumarsáideach a fhorbairt

Chun cumarsáid Thara a fhorbairt, tá sé mar aidhm ag an scoil foclóir pearsanta agus croí-fhoclóir a leathnú chun focail a bhaineann lena timpeallacht níos leithne agus láithreach a áireamh. Cuirtear an foclóir sin in iúl trí Lámh. Múintear a foclóir trína mheaitseáil le hamharcléiriú agus gníomhaíochtaí lena mbaineann. Nuair a fhéachann Tara trína leabhar cainte, spreagtar í chun a comharthaí a úsáid i gcomhair daoine, siombailí, rudaí agus gníomhaíochtaí a bhfuil cur amach aici orthu. Cuirtear roinnt gníomhaíochtaí teagaisc i gcrích i rith an lae chun a húsáid agus a tuiscint ar an bhfoclóir sin a spreagadh. Agus na gníomhaíochta sainrogha, dathanna péinte, rudaí sa siopa, srl., á dtabhairt le fios cuireann Tara sainrogha in iúl lena comharthaí Lámh agus gheobhaidh sí an tsainrogha sin tar éis di sin a dhéanamh. Déanfaidh sí comharthaíocht freisin chun rudaí nó tacaíocht a iarraidh lena comharthaí Lámh m.sh. ‘cúnamh le do thoil’ a lorg agus a hiógart á oscailt aici. Ansin leathnaítear eolas ar fhoclóir/chomharthaí trí ghníomhaíochtaí le treoracha ó bhéal: ‘An bhfaighidh tú an leabhar ar an tseilf?’ ‘An bhfaighidh tú an t-im ón gcuisneoir?’ ‘Cá bhfuil an peann luaidhe?’

Gné: Léitheoireacht

Le go dtuigfidh Tara a timpeallacht tá sé tábhachtach go mbeidh amharcléiriú aici le cabhrú lena tuiscint ar an méid a tharlaíonn ar bhonn laethúil. Tá sé tábhachtach freisin go nascann sí na hamharcléirithe lena mbríonna. Le hamchláir amhairc, tá Tara in ann a thuiscint cén rang/ghníomhaíocht a bheidh aici. Freagraíonn Tara freisin do bhrí amharcléiriú trí bheith sceitimíneach nuair a fheiceann sí an t-amharcléiriú do chorpoideachas/chócaireacht nó suí ag a deasc chun obair aonair a dhéanamh srl. Foghlaimíonn Tara freisin chun seicheamh amharcléirithe a leanúint d’fhonn treoracha tábhachtacha a leanúint. Tá sé seo tábhachtach do ghníomhaíochtaí córasacha cosúil le céard le déanamh nuair a chloisimid aláram dóiteáin agus na céimeanna a bheith ar eolas chun thú féin a ghléasadh. Múintear siombailí a fhaightear ina timpeallacht láithreach do Tara freisin; áirítear orthu sin siombailí mar an leithreas, urlár fliuch, bealach éalaithe tine agus stop. Tugtar brí do na siombailí seo trína meaitseáil le comharthaí Lámh sa seomra ranga. Múintear freisin iad trí ghníomhaíochtaí ina n-úsáidtear na siombailí seo sa timpeallacht áitiúil, m.sh. stopadh ag comharthaí stop, dul tríd an mbealach éalaithe tine i rith druile agus an tsiombail don leithreas a aithint do na leithris timpeall na scoile.

ATF 2: Uimhearthacht

Gné: Tomhais agus sonraí

Chun aitheantas Tara ar airgead a fheabhsú, úsáideadh gníomhaíochtaí meaitseála. Oibríodh air seo le hairgead ceart d’fhonn ginearálú nótaí agus bonn taobh amuigh den seomra ranga a chur chun cinn. I measc na ngníomhaíochtaí seo bhí boinn a mheaitseáil le léirithe pictiúrtha, boinn a mheaitseáil le siombailí uimhriúla/praghais, oibriú i siopa na scoile agus boinn a chur ar ais ina ranna ainmnithe sa bhosca airgid. Tá dul chun cinn ar aitheantas Thara ar airgead mar sin úsáideann sí an t-eolas sin anois ar a turais chun rudaí a cheannach i siopa na scoile agus i rith ár dturas chuig an ollmhargadh agus caifé áitiúil freisin. Is i rith na n-imeachtaí sin a fhéachfaidh Tara ar shiombail phraghais ruda agus a dhéanfaidh sí iarracht na nótaí/boinn chomhfhreagracha atá aici a roghnú. Atreiseofar an ghníomhaíocht seo go leanúnach d’fhonn go leanfaidh Tara ag forbairt a cumais chun airgead ceart a úsáid i gcomhthéacsanna laethúla. Ceadóidh na gníomhaíochtaí siopadóireachta seo dá forbairt i roinnt torthaí foghlama eile thar ATFanna mar aon lena spriocanna maidir le scileanna sóisialta.

Gné: Cruth agus spás

Léiríonn Tara an-chumas le teanga na gluaiseachta. Is féidir le Tara treoracha a leanúint taobh istigh agus taobh amuigh den seomra ranga i dtéarmaí siúl, suí, rith, srl. I gcás theanga an tsuímh, bíonn sé deacair ar Thara na coincheapa seo a thuiscint. Dá bhrí sin, úsáidtear réamhfhocail i rith roinnt tascanna sna ATFanna d’fhonn feasacht agus tuiscint Thara a fhorbairt. Le tosú leis na coincheapa seo a theagasc, imrítear roinnt cluichí sa seomra ranga. Le hábhair choincréite arnós liathróid bheag agus bosca, iarradh ar Tara treoracha ó bhéal a leanúint le réamhfhocail: cuir an liathróid sa bhosca, cuir an liathróid taobh thiar den bhosca, srl. Úsáidtear amharcléiriú agus samhaltú freisin chun an coincheap a atreisiú. Úsáidtear gníomhaíochtaí meaitseála spléach-chártaí freisin chun a tuiscint a láidriú a thuilleadh. Rinneadh ginearálú breise ar an ngníomhaíocht seo chuig tascanna eile mar chuid dá clár foghlama. Mar shampla, múinteoir do Thara le bord a leagan sa seomra ranga agus iarrtar uirthi na rudaí a leagan le réamhfhocail, m.sh. cuir an forc in aice leis an bpláta, cuir an cupán ar an bhfochupán, srl. Úsáidtear é seo freisin i rith gníomhaíochtaí Corpoideachais: ciceáil an liathróid idir na cóin; seas taobh thiar den líne; léim thar an/faoin mbarra. Ceadóidh cur chuige comhtháite i leith úsáid na gcoincheapa crutha agus spáis do Tara deis níos fearr a fháil eolas a fhorbairt ar an teanga.

ATF 3: Cúram pearsanta agus folláine

Gné: Cúram pearsanta agus sláinteachas

Gné thábhachtach d’oideachas Thara is ea a bheith chomh neamhspleách agus is féidir. Léirítear é seo i spriocanna an Phlean Oideachais don Dalta Aonair do Thara i dtéarmaí cúram pearsanta. Mar gheall ar a míchumas fisiciúil, bíonn sé seo an-dúshlánach do Thara. Spreagtar Tara go laethúil chun í féin a ghléasadh agus páirt a ghlacadh i ngnáthaimh chúraim phearsanta. Úsáidtear cuir chuige amhairc, samhaltú agus straitéisí difriúla chun Tara a spreagadh agus tacú léi sa réimse seo. Sampla de seo is ea an cur chuige smeacha agus a cóta á chur ar aici. Le cathaoir, cuireann Tara a lámha trí mhuinchillí seaicéid agus luascann sí an seaicéad os cionn a cloiginn go neamhspleách. Spreagtar í chun í féin a ghléasadh tar éis an leithreas a úsáid freisin le luach saothair agus moladh ó bhéal. Úsáidtear scáthán ansin d’fhonn go sainaithneoidh Tara réimsí is gá díriú orthu le linn iarracht a dhéanamh í féin a ghléasadh. Sprioc leanúnach é seo do Tara agus tacófar leis go leanúnach go dtí go bhfaigheann sí an ceann is fearr ar na tascanna cúraim phearsanta seo go neamhspleách. Spreagtar Tara go leanúnach trí atreisiú dearfach.

Gné: Sábháilteacht phearsanta

Ní shainaithníonn Tara an difríocht idir áiteanna poiblí agus príobháideacha agus na hiompair dhifriúla a bhaineann leo. Ar mhaithe le sábháilteacht phearsanta Thara féin, tá sé tábhachtach a mhúineadh di go soiléir céard atá cuí agus míchuí. Arís, déantar é seo a theagasc trína buanna den phróiseáil amhairc. Is iad na straitéisí teagaisc a úsáidtear scéalta sóisialta, gníomhaíochtaí meaitseála amhairc, samhaltú, físeáin samhaltaithe agus foghlaim theagmhasach. Síneann sé seo freisin chuig an gcaoi a bhfáiltímid go cuí roimh dhaoine, go háirithe daoine nach bhfuil aithne againn orthu. Atreisítear na modhanna teagaisc seo go seachtainiúil d’fhonn eolas agus feasacht a léiriú go hiomlán agus leanúint leis.

ATF 4: A bheith rannpháirteach i bpobal

Gné: Áiseanna áitiúla a úsáid

Dá rang eacnamaíocht bhaile, is gá do Tara bogadh chuig an gcistin. Trína dhéanamh sin, cuirtear amharcléirithe i gcuimhne di den mhéid is gá di tabhairt léi – naprún, scian luascaire, bosca lóin, srl. Aithníonn Tara an gá le haistriú chuig timpeallacht nua agus dá bhrí sin déanfaidh sí a bealach féin agus aimseoidh sí an seomra eacnamaíocht bhaile. Sa seomra difriúil seo, leanfaidh Tara amharcléirithe sláinteachais trína naprún a chur uirthi, a cuid gruaige a cheangal siar agus a lámha a níocháin roimh chócaireacht. Glacann sí páirt i réimse sneaiceanna nó béilí a dhéanamh agus cabhraítear léi nuair is gá. Le tacaíocht, aithníonn Tara feidhm an oighinn, an tóstaeir agus friochtáin bharr oighinn. Arís, leanann sí amharcléirithe sábháilteachta maidir le sáspain a chur ar bharr an oighinn, céard is ceart a úsáid agus rudaí á dtógáil amach as an oigheann agus conas a bheith cúramach agus uirlisí cócaireachta á gcur ar siúl/á múchadh. Tar éis di a bheith ag cócaireacht, leanann Tara treoracha ó bhéal agus amhairc chun soithí a ní agus a chur ar ais agus a bord a ghlanadh. Tar éis roinnt cuairteanna ar an gcistin, aithníonn Tara na háiteanna le roinnt uirlisí cistine a stóráil agus déanfaidh sí go neamhspleách é.

Sa bhunseomra ranga, d’éirigh Tara feasach ar na feidhmeanna agus na hiompair a bhaineann leis na limistéir dhifriúla sa seomra. Ag leanúint a hamchláir amhairc trí athrá, tá Tara feasach anois ar am sosa/lóin agus siúlfaidh sí chuig an mbord lóin agus tógfaidh sí amach a cuid bia agus dí. Ar an gcaoi chéanna, tar éis tascanna a chur i gcrích, roghnaíonn Tara an ghníomhaíocht chéadfach ba mhaith léi a dhéanamh. Nuair a roghnaíonn sí an mála pónairí, tá a fhios ag Tara gur gá di dul chuig an limistéar suaimhnis agus luí siar ar an mála pónairí. Ansin iarrfaidh Tara éisteacht lena ceol machnaimh agus í ag ligean a scíthe.

 Mar chuid dá gearrchúrsa ar Leibhéal a haon, téann Tara ar cuairt chuig an stábla capaillíní áitiúil freisin. Anseo, téann sí amach chun na capaillíní a bheathú, a ghrúmaeireacht agus aclaíocht a thabhairt dóibh. Bíonn deis aici freisin féachaint ar na gairmithe i mbun gnáthaimh chúraim phearsanta laethúla agus na rioscaí sláinte agus sábháilteachta a léiriú.  Mar chuid den chúrsa seo, bhí deis ag Tara dul chuig an gcomharchumann áitiúil agus bia a cheannach do na capaill, rud a thug deis di a torthaí foghlama uimhearthachta a atreisiú.

Gné: Cur leis an bpobal

Mar chuid de thionscnamh na scoileanna glasa, cabhraíonn Tara lena chinntiú gur scoil ghlas í scoil s’againne. Ar lá ainmnithe ár seomra ranga, rachaidh Tara agus piara timpeall na scoláire agus piocfaidh siad suas aon bhruscar a fheiceann siad. Déantar é seo taobh istigh agus taobh amuigh d’áitreabh na scoile. Sular tugadh faoin tasc seo, taispeánadh scéal sóisialta PowerPoint agus físeán samhalta do na scoláirí. Léiríodh ansin gur gá éadaí cosanta a chaitheamh agus na cúiseanna sábháilteachta atá leis, agus léiríodh freisin an tasc é féin agus na céimeanna a bhaineann leis an ngníomhaíocht seo. Cheadaigh sé seo do Tara feasacht a fháil ar an bpost agus conas páirt a ghlacadh ann. Ach dul i ngleic leis an bpost féin bhí deiseanna foghlama teagmhasacha eile aici i leith cumarsáide, scileanna sóisialta, scileanna mínluaile/oll-luaileacha agus uimhearthachta. Mar shampla, fáilte a chur roimh dhaoine eile i rith an taisc nó ceisteanna a fhreagairt cosúil le: ‘Cén dath?’ (atá ar an gcanna seo?) nó réamhfhocail a leanúint: ‘Féach faoin mbord.’

Uair sa choicís, cabhraíonn Tara freisin i siopa na scoile. Cuireadh tús le foghlaim i dtreo na sprice seo le cuairteanna taobh istigh de shiopa na scoile agus eolas a chur ar na rudaí ann. Eagraíodh é seo trí cheisteanna a chur go minic cosúil le, ‘An féidir liom ceapaire/buidéal uisce a bheith agam?’ srl. Nuair a fuarthas tuiscint, chuamar ar aghaidh chuig cabhrú ag am sosa. I dtosach, shínfeadh scoláirí a méar agus déarfaidís céard a theastaigh uathu d’fhonn tuiscint Thara a chur chun cinn. Ansin, rachaidh Tara ar aghaidh chun an rud a aimsiú agus a thabhairt dóibh. Tacaítear le Tara i dtéarmaí airgid ach táthar ag súil go dtabharfar isteach é seo di sa todhchaí mar dhúshlán dul chun cinn, má mheastar gur féidir sin a dhéanamh.

ATF 5: Na healaíona

Gné: Amharc-ealaín

Le healaín a úsáid mar bhealach chun í féin a chur in iúl, ceadaítear do Thara strus a laghdú, feasacht a fheabhsú agus a cumarsáid a bhreisiú. I rith na healaíne, chruthaigh Tara saothar bunaithe ar fhíorspreagthaigh tríd an iliomad ábhar agus teicnící. Mar shampla, le húsáid péinte agus stionsal bhí Tara in ann péintéireacht d’fhéileacán a chruthú go neamhspleách. Ar an gcaoi chéanna, chuir Tara tionscadal ealaíne i gcrích faoi shéasúr an fhómhair. Chruthaigh sé sin deis freisin d’eispéireas céadfach iomlán trína raibh Tara páirteach i siúlóid i limistéar coille d’fhonn a duilleog féin a roghnú le húsáid don tionscadal ealaíne. Tugadh an deis leis seo nascadh le haonad Thara ‘A bheith rannpháirteach i bpobal’ trína raibh uirthi tabhairt faoi na rialacha sábháilteachta ar bhóithre agus aistriú idir timpeallachtaí. Le tacaíocht, d’úsáid Tara ansin cré a thriomaíonn le haer chun babhla duilleoige fómhair a chruthú.

Móraidhm do Thara is ea an amharcealaín a úsáid chun cumarsáid a dhéanamh d’fhonn tacú lena scileanna cumarsáide. Bealach amháin chun é sin a bhaint amach ba ea leabhar cainte a chur le chéile ina bhfuil grianghraif de chroífhoclóir Tara. Cuireadh an leabhar cainte seo i dtoll a chéile le haip chun leabhar a chruthú ar a iPad. Cheadaigh sé do Thara foclóir a thagann sí trasna air ar bhonn laethúil a fhoghlaim agus a aithint agus mar mhodh cumarsáide lena piaraí freisin. Leagtar amach sa leabhar cainte seo na rudaí is maith agus nach maith le Tara, a teaghlach agus a cairde. Is bealach é do dhaoine eile timpeall uirthi chun aithne agus tuiscint a fháil uirthi. Amanna, tacaíodh le Tara chun na grianghraif seo a thógáil í féin. Áiríodh freisin leis na grianghraif seo pictiúir dá mothúcháin, agus leagtar amach na rudaí a chuireann áthas, eagla, brón agus fearg uirthi. Trí na grianghraif a úsáid is féidir le Tara cumarsáid a dhéanamh le daoine eile agus atreisíonn sé aitheantas a croífhoclóra agus spreagann sé forbairt a comharthaí Lámh. Anuas air sin, cuireann foghlaim Thara faoi mhothúcháin tríd an leabhar cainte seo ar chumas Thara píosaí ealaíne eile a chruthú inar léiríodh mothúcháin. Mar shampla, roghnaigh Tara spléach-chártaí gotha gnúise ag comhfhreagairt don mhothúchán a d’iarr an múinteoir, agus ghreamaigh sí iad seo ar na haghaidheanna pláta páipéir folmha ar tacaíodh léi a chruthú.

Gné: Ceol

Tá Tara paiseanta faoin gceol, mar sin tá sé mar aidhm ceol a chuimsiú a oiread agus is féidir, ionas go mbeidh a cuid foghlama taitneamhach agus freisin gur féidir é a úsáid mar thacaíocht chun a cumas a bhaint amach. Múintear agus atreisítear cumarsáid agus úsáid Lámh Tara tríd an iliomad amhrán atá oiriúnach dá haois. Spreagann sé seo í freisin chun triail a bhaint as fuaimeanna gutha na gcomharthaí Lámh comhfhreagracha nó croífhoclóir eile. Tugtar deis do Thara tríd an gceol freisin a bheith páirteach i ngníomhaíochtaí seach-churaclaim, go háirithe i gcór na scoile. I rith aifreann na Nollag, ghlac Tara páirt sa chór agus le tacaíocht sheinn sí sliocht beag as ‘Jingle Bells’ ar an méarchlár don scoil.

Nuair a mhúintear fuaimeanna ábhartha ina timpeallacht do Thara agus nuair a cheanglaítear iad leis na spreagthaigh ábhartha, réitítear í don aistriú chuig timpeallachtaí nua. Úsáideadh fuaimeanna a bhaineann le carranna, cloig shéipéil, ainmhithe, hallaí gnóthacha, innill níocháin, fuaimeanna ag trasnú coisithe, srl., sa ghníomhaíocht mheaitseála seo. Ceadaíonn an ghníomhaíocht seo di freisin spreagthaigh ina timpeallacht a shainaithint agus a feasacht a thógáil orthu fad a thugtar brí di faoin domhan timpeall uirthi.

ATF 6: Corpoideachas

Gné: Scileanna gluaiseachta

Tá sé tábhachtach do Thara scileanna mínluaile a bheachtú d’fhonn go bhfeidhmeodh sí ina timpeallachtaí. Trí na scileanna sin a fhorbairt, féadfaidh sí tuilleadh úsáide a spreagadh as a próistéis le cabhrú léi i rith tascanna laethúla. D’fhonn na scileanna sin a fhorbairt, imríonn Tara cluichí boird le hairíonna mínluaile/comhordú láimhe-súl ar leith nó leanann sí dearaí bunúsacha Lego a chabhraíonn freisin lena tuiscint ar uimhreas agus coincheapa matamaiticiúla a fhorbairt. I rith ranganna cócaireachta, tá Tara ag feabhsú a scileanna measctha, scileanna le spúnóg agus scileanna mínluaile. Tá sí ag cur eolais freisin ar úsáid píosa nua trealaimh ata sonrach dá riachtanais – scian luascaire. Díríonn Tara go leanúnach ar na gluaiseachtaí riachtanacha a fhorbairt le go mbeidh an scian ag cabhrú léi lena scileanna gearrtha. Ar an gcaoi chéanna, i rith na healaíne, oibríonn Tara ar raon uirlisí difriúla a úsáid ar nós pinn luaidhe, scuaba péinte, pionnaí éadaigh agus siosúir chun a píosaí ealaíne a chruthú. I rith an lae, glacfaidh Tara páirt freisin i dtascanna ar nós limistéir oibre a ghlanadh, píosaí beaga páipéar a phiocadh suas agus zip ar a cás peann luaidhe, mála lóin agus cóta a oscailt agus a dhúnadh. Mar chuid dá rang corpoideachais príomhshrutha, glacann Tara páirt freisin i ngníomhaíochtaí aclaíochta grúpa. Oibreoidh sí anseo ar a gluaiseacht oll-luaileach trí ghníomhaíochta réamhaclaíochta agus fuaraithe mar aon le réimse spórt agus cluichí difriúla atá oiriúnach agus idirdhealaithe do chumas Thara.

Gné: Gluaiseacht chruthaitheach

Mar chuid dá hamchlár, déanann Tara ióga. Anseo, déanann Tara raon gluaiseachtaí a chuireann ar a cumas oibriú ar a cothromaíocht, comhordú agus gluaiseacht. Trí shamhaltú nó amharcléiriú, tá Tara in ann staidiúirí a chóipeáil chomh maith agus is féidir léi agus gach seachtain méadaíonn sí a láidreacht agus a muinín ag feabhsú a scileanna gluaiseachta. Is breá le Tara an rang seo mar go gceadaíonn sé di freisin freagairt do cheol ar bhealach suaimhneach. Seachtainí áirithe, cuimsíonn an múinteoir seichimh ghluaiseachtaí le ceol i stíl damhsa chun na scileanna gluaiseachta agus comhordaithe a bhreisiú. Déantar gach rang le scoláirí eile, ionas gur féidir le Tara deis a fháil idirghníomhú agus oibriú ar a scileanna cumarsáide.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.