Príomhscileanna eile
Cuireann an cúrsa seo deiseanna ar fáil chun tacú leis na príomhscileanna uile, ach tá roinnt díobh a bhfuil tábhacht ar leith leo. Sainaithnítear sna samplaí thíos roinnt de na gnéithe a bhaineann le gníomhaíochtaí foghlama i dtaibhiú ealaíne. Chomh maith leis sin, is féidir leis an múinteoir a lán de na gnéithe eile de phríomhscileanna ar leith a fhí isteach ina chuid pleanála don seomra ranga.Tá roinnt gnéithe ag gach príomhscil a shoiléiríonn an t-eolas, na scileanna agus na meonta (an mhéin) a bhaineann leis an bpríomhscil sin. Tá na gnéithe agus a dtorthaí foghlama leagtha amach go mion in Príomhscileanna na Sraithe Sóisearaí. Tá deiseanna ann chun tacú le gach príomhscil sa chúrsa se o ach tá roinnt díobh atá níos tábhachtaí ná a chéile. Léiríonn na samplaí thíos iad siúd atá bainteach leis na gníomhaíochtaí foghlama sa Taibhiú Ealaíne. Is féidir le múinteoirí a lán de na gnéithe eile a bhaineann le príomhscileanna ar leith a fhí isteach ina bpleanáil ranga.
|
An phríomhscil |
Mír na príomhscile |
Gníomhaíocht foghlama an scoláire |
|
Bheith cruthaitheach |
Ag samhlú Smaointe a chur i bhfeidhm agus beart a dhéanamh |
Foghlaimíonn scoláirí chun freagairt go samhlaíoch do spreagthaí a tharraingítear as foinsí ealaíne. Cuireann siad in iúl mothúcháin, smaointe agus tuairimí tríd an meán ealaíne a roghnaíodh, ag tógáil rioscaí agus ag foghlaim ó mheancóga. Téann scoláirí i mbun díospóireachta, plé agus ransú smaointe. Meabhraíonn siad ar roghanna agus ar mhalairtí, ag triail agus ag meas cuir chuige dhifriúla. Leanann siad den phróiseas go dtí go gcuirtear i gcrích é. |
|
Obair le daoine eile |
Dea-chaidrimh oibre a fhorbairt agus aighneas a réiteach. Comhoibriú |
Caitheann scoláirí am ag éisteacht go gníomhach lena chéile agus ag roinnt smaointe go hionraic agus go mothálach. Foghlaimíonn siad chun meas a bheith acu ar thuairimí daoine eile agus mar sin de aighneas a chosc agus a bhainistiú. Socraíonn scoláirí ar chomhspriocanna, oibríonn siad go dian agus comhghéilleann siad chun iad a bhaint amach, ag léiriú measa d’ionchur daoine eile i bhforbairt léiriúcháin an ghrúpa. |
|
Mé féin a bhainistiú |
Aithne bheith agam orm féin Bheith ábalta machnamh ar mo chuid foghlama féin Cinntí meabhracha a dhéanamh |
Foghlaimíonn scoláirí chun láidreachtaí agus laigí pearsanta a aithint agus a mheabhrú, cabhair a lorg agus bheith oscailte don léirmheastóireacht ar dhóigh a éascaíonn athbhreithniú agus feabhsú. Foghlaimíonn scoláirí an tábhacht a bhaineann le cíoradh ceart a dhéanamh ar a gcuid cinntí agus conas a rachadh a ngníomhartha i gcion ar dhaoine eile agus ar an bpróiseas i gcomhar. . |
|
Eolas agus smaointeoireacht a bhainistiú |
Smaoineamh go cruthaitheach agus go criticiúil. Teicneolaíocht a úsáid chun eolas a rochtain, a bhainistiú agus a roinnt |
Foghlaimíonn scoláirí chun na toimhdí nó na barúlacha a bhíonn acu féin agus ag daoine eile a cheistiú agus smaointeoireacht a athbhreithniú/ a chur in oiriúint i bhfianaise eolas nua. Úsáideann scoláirí an teicneolaíocht agus na meáin dhigiteacha mar uirlisí taighde chun eolas a bhailiú, eolas a chur in iúl agus/nó chun léiriú cruthaitheach a dhéanamh. . |
|
Cumarsáid |
Ag éisteacht agus do mo chur féin in iúl Ag léiriú agus ag láithriú |
Déanann scoláirí cumarsáid ag úsáid stíleanna difriúla de réir na hócáide. Foghlaimíonn siad chun comharthaíocht choirp a úsáid agus iad féin a chur in iúl ar dhóigh oiriúnach. Cuireann siad mothúcháin agus príomhtheachtaireachtaí in iúl trína ról sa léiriú. Cinneann siad cén chaoi is fearr chun cumarsáid a dhéanamh lena lucht féachana ag úsáid stíleanna agus meáin éagsúla. |
|
Fanacht folláin |
Bheith dearfach faoin bhfoghlaim Bheith muiníneach |
Sa ghearrchúrsa seo, baineann scoláirí taitneamh agus spraoi as an bhfoghlaim. Foghlaimíonn siad conas fanacht i gceann tionscadail, agus a mbua a cheiliúradh ag an deireadh. Forbraíonn scoláirí a muinín agus iad ag glacadh páirte sa chinnteoireacht laistigh den ghrúpa, ag seasamh siar ón slua nuair is gá. Úsáideann siad measúnú ón múinteoir, óna bpiaraí agus féinmheasúnú chun feabhas a dhéanamh. Forbraíonn siad teacht aniar i bhfianaise deacrachtaí agus braistint sástachta nuair a éiríonn leo. |