Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte

Do pháistí idir rang na naíonán beag agus rang a sé atá an curaclam Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte ceaptha.

Seo iad cuspóirí an churaclaim OSPS

  • folláine, féinmhuinín agus braistint mhuintearais a chothú sna páistí
  • taispeáint do na páistí conas a bheith freagrach as na rudaí a dhéanann siad féin
  • cabhrú le páistí bheith níos feasaí agus níos báúla leo féin trí chabhrú leo a gcuid mothúchán féin a bhainistiú, a mbuanna aonair a aithint agus a chothú, agus déileáil le hathruithe de chineálacha éagsúla
  • tacaíonn sé le páistí ionas go dtiocfaidh siad chun bheith ina saoránaigh ghníomhacha fhreagracha.