Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Saoráil Faisnéise

Le cois a oibleagáidí a chomhlíonadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (SF), tá an CNCM tiomanta d'eolas a chur ar fáil faoina gníomhaíochtaí agus faoina seirbhísí agus do chinntiú go ndéileáiltear go tráthúil le gach fiosrú.Gníomhaíochtaí agus faoina seirbhísí agus do chinntiú go ndéileáiltear go tráthúil le gach fiosrú. Cuideoidh na fadhbanna coitianta seo a leanas (FAQ) leo siúd ar mhian leo iarratas a dhéanamh faoin Acht SF.

Q: Cad é SF?

A:Foráltar leis an Acht SF go bhfuil na cearta dlíthiúla úra a leanas ag gach duine ón 21 Aibreán, 1998:

  • ceart rochtana ar thaifid oifigiúla atá á gcoinneáil ag Ranna Rialtas nó comhlachtaí poiblí eile atá liostaithe san Acht;
  • ceart ar fhaisnéis phearsanta fúthu a cheartú agus a nuashonrú nuair is faisnéis neamhiomlán, mícheart nó míthreorach an t eolas sin; agus
  • ceart míniú a fháil ar chinntí a ghlac comhlachtaí poiblí agus a dhéanann difear dóibh.

Is é a chiallaíonn na cearta sin, go bhfuil daoine, ón 21 Aibreán, 1998, i leith, i dteideal rochtain a lorg ar fhaisnéis phearsanta a coinníodh fúthu – is cuma cén uair a cruthaíodh an fhaisnéis – agus ar thaifid eile a cruthaíodh i ndiaidh 21 Áibreán, 1998.

Q: Cé na taifid is féidir a iarraidh?

A: Tá na taifid a leanas inrochtana faoin Acht:

  • gach taifead a cruthaíodh tar éis thosach feidhme an Achta 21ú Aibreán, 1998:
  • taifid phearsanta uile an chliaint, cibé cén uair a cruthaíodh iad;
  • taifid uile foirne a cruthaíodh i ndiaidh 21ú Aibreáin, 1995, nó níos luaithe má rinnneadh iad a úsáid go dochrach i gcoinne baill foirne, agus gach taifead a cruthaíodh níos luaithe má bhí siad de dhíth chun taifid a cruthaíodh i ndiaidh an dáta sin a thuiscint

Q: Cén chaoi a ndéanfaidh mé Iarratas SF chuig an gComhairle?

A: Is féidir leat iarratas scríofa a chur chuig:

Oifigeach Saoráil Faisnéise
An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus MeasúnachtaÁras ESRI,
Cearnóg Whitaker,
Cé Sir John Rogerson,
Baile Átha Cliath 2,
D02 K138,
Éire.

T. +353 1 661 7177
F. +353 1 661 7180
[email protected]

Ba cheart an méid seo a leanas a bheith i d’iarratas:

  • ráiteas go bhfuil an iarraidh á déanamh faoin Acht SF;
  • a oiread faisnéise agus is féidir faoi na taifid atáthar a lorg; agus
  • sonraíocht faoi fhoirm na gcóipeanna atáthar a iarraidh.

Q: Cén costas a bheidh air?

A: Ó 7 Iúil 2003, is í €15 an ghnáth-tháille iníoctha ar gach iarratas.  Is féidir gur táille laghdaithe €10 a bheidh le híoc má tá cárta leighis ag an iarrthóir

Tá na hiarratais a leanas slán ar an táille:

  • Gach iarraidh faoi alt 7 ar thaifead a bhaineann le faisnéis phearsanta faoin iarrthóir amháin
  • iarratas faoi alt 17 (ceart ar thaifid a leasú nuair a bhaineann sé le faisnéis phearsanta)
  • iarratas faoi alt 18 (ceart duine ar fhaisnéis faoi ghníomhartha chomhlachtaí poiblí a dhéanann difear don duine)

Is féidir cóip chrua den Acht um Shaoráil Faisnéise 1997 agus den Acht um Shaoráil Faisnéise (Leasú) 2003 a fháil  ón Oifig Dhíolta Foilseachán Rialtais, Sráid Theach Laighean, Baile Átha Cliath 2.

Naisc ghaolmhara

Guide to the functions and records of the NCCA: Sections 15 & 16 Reference Book

An tAcht SF & Rialúcháin SF

Treoir maidir leis an Acht

Leathanach Baile Oifig an Choimisinéara Faiséise

Láraonad Polasaí SF, An Roinn Airgeadais

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.