An Iodáilis Múintear an Iodáilis de réir siollabas coiteann do mhúineadh agus scrúdú na nua-theangacha san Ardteistiméireacht. Féachtar leis an siollabas seo le scileanna cumarsáide san Iodáilis a mhúineadh don scoláire, straitéisí a thabhairt dóibh chun an teanga a fhoghlaim go héifeachtach agus feasacht a mhúscailt iontu ar éagsúlacht chultúrtha, shóisialta agus pholaitiúil. Déantar an Iodáilis a mheasúnú i scrúdú scríofa, agus i scrúdú cluaise agus béil, ar dhá leibhéal – Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal. Siollabas Iodáilise na hArdteistiméireachta Treoirlínte do Mhúinteoirí