Leibhéal 1 Réimsí Curaclaim agus Sruthanna Roghnacha
Tá ceithre réimse curaclaim ag croílár CFL1SS - Cumarsáid agus Litearthacht, Uimhearthacht, Cúram Pearsanta agus Sruthanna Roghnacha. Deartar na réimsí curaclaim seo ar bhonn modúil agus sainaithníonn agus forbraíonn siad go soiléir na príomhréimsí foghlama a theastaíonn le tacaíocht a chur ar fáil don scoláire le linn a ama ar scoil agus sa bhaile, le linn dó a bheith rannpháirteach ina phobal agus chun é a ullmhú dá shaol amach anseo.
Tá na modúil sruthanna roghnacha atá ar fáil ag Leibhéal 1 liostaithe thíos.