Skip to content

Foilsiú Curaclam Athfhorbartha na Bunscoile

Foghlaim Tuilleadh

Staidéar Foirgníochta

View of a sustainably built building

Tabharfar isteach sonraíocht nua Theicneolaíocht Foirgníochta na hArdteistiméireachta do dhaltaí na cúigiú bliana i mí Mheán Fómhair 2026 agus tiocfaidh sí in áit shiollabas reatha Staidéar Foirgníochta na hArdteistiméireachta.

Scoláirí sraithe sinsearaí a roghnaíonn Staidéar Foirgníochta na hArdteistiméireachta, faigheann siad buneolas agus bunscileanna i dteicneolaíocht na foirgníochta agus in ábhair agus i bpróisis foirgníochta. Forbraíonn na scoláirí a gcumas smaointe agus eolas a chur in iúl agus breathnú cruinn agus imscrúdú eolaíoch a dhéanamh trí ábhair agus próisis a thaiscéaladh.

Ar dhá leibhéal a dhéantar Staidéar Foirgníochta a mheasúnú – Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal – le scrúdú scríofa, scrúdú praiticiúil, agus measúnú ar thionscadal scoláire.