Corpoideachas
Corpoideachas
Do pháistí idir rang na naíonán beag agus rang a sé atá an curaclam Corpoideachas ceaptha. Féachann an curaclam leis an bpáiste iomlán a fhorbairt trí chabhrú leo saol iomlán, gníomhach, sláintiúil a chaitheamh.
Cuireann an curaclam corpoideachais raon cothromaithe gníomhaíochtaí ar fáil do pháistí i bhfoirm shé shnáithe:
•Lúthchleasaíocht
•Damhsa
•Gleacaíocht
•Cluichí
•Gníomhaíochtaí lasmuigh agus gníomhaíochtaí eachtraíochta
•Oiliúint uisce.
An curaclam atá ann i láthair na huaire, tugadh isteach é mar chuid de Churaclam na Bunscoile (1999).