Ceol
Cuireann an cúrsa seo feasacht ar an gceol chun cinn trí scileanna éisteachta, taibhithe agus cumadóireachta a fhorbairt. Dearadh an cúrsa le go bhféadfaí réimsí éagsúla ceoil a roghnú le freastal ar láidreachtaí agus ar spéiseanna an scoláire. Úsáidtear acmhainní scoile agus pobail chun go bhfiosródh an scoláire an ceol ar bhealach atá fiúntach agus ábhartha dó féin.