Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Séanadh

Láithreán Gréasáin na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM)

Fógra Cóipchirt

Tá an t ábhar ar an láithreán gréasáin seo faoi chosaint ag cóipcheart. Tá atáirgeadh ábhar ón láithreán Gréasáin seo údaraithe d’úsáid phearsanta. Nuair a eisítear an t-ábhar do dhaoine eile, ní mór an fhoinse, an URL agus stádas cóipchirt san áireamh, a admháil. Is leis an CNCM an cóipcheart in ábhar a atáirgtear as an láithreán Gréasáin seo.

Ní shíneann cead chun ábhar cóipchirt a atáirgeadh d’ábhar ar bith ar an láithreán seo a d’fhéadfaí gur le tríú páirtí é. Ní mór údarás chun ábhar dá leithéid a atáirgeadh a fháil ó na sealbhóirí cóipchirt atá i gceist.

Séanadh Dlíthiúil

Tá an fhaisnéis ar an láithreán gréasáin seo á cur ar fáil ar chuspóirí eolais ghinearálta amháin, ar mhaithe leis an leas poiblí. Cé go ndearnadh gach iarracht chun cruinneas na faisnéise ar an láithreán gréasáin a chinntiú, ní thugann an CNCM ná a foireann ráthaíocht, gealltanas ná barántaí ar bith ina leith, agus ní ghlacann siad dliteanas ar bith ag éirí as earráidí nó easnaimh ar bith. Earráidí nó easnaimh a chuirtear ar a súile don CNCM, déanfar iad a cheartú a luaithe agus is féidir.

Dearcthaí, tuairimí agus treoir ar bith atá leagtha amach ar an láithreán gréasáin seo, is ar chuspóirí eolais ghinearálta amháin a solathraíodh iad, agus níltear ag maíomh gur comhairle dhlíthiúil iad ná léirmhíniú cinnte deiridh ar an dlí. Aon duine a bheadh ag machnamh ar chaingean dhlíthiúil maidir leis na cúrsaí atá leagtha amach ar an láithreán gréasáin seo, ba cheart dó/di comhairle a fháil ó chomhairleach gairmiúil a bhfuil na cáilíochtaí cuí aige/aici.

Níor chóir glacadh leis gurb é dearcadh deiridh na CNCM é dearcadh, tuairimí agus treoir ar bith atá leagtha amach ar an láithreán gréasáin seo. Dá réir sin, cosnaíonn an CNCM a ceart cinntí a dhéanamh atá éagsúil le dearcthaí, tuairimí agus treoir ar bith a d’fhéadfadh a bheith leagtha amach ar an láithreán gréasáin seo.

Nasc ar bith ón láithreán gréasáin seo go dtí láithreáin ghréasáin sheachtracha, nach í an CNCM a dhéanann cothabháil orthu, is mar áis amháin a chuirtear ar fáil iad, agus ní cóir glacadh leis go ndéanann an CNCM formhuiniú ar ábhair nó ar chleachtais na láithreán gréasáin seachtracha sin, láithreáin ghréasáin nach nglacann an CNCM freagracht ar bith ina leith.

Nasc Cosanta Sonraí

Baineann cosaint sonraí le cosaint do chearta bunaidh ar phríobháideacht agus do chearta smachta ar an úsáid a bhaintear as eolas pearsanta. Is é aidhm an láithreáin ghréasáin seo a leanas cuidiú leat na cearta sin achur i bhfeidhm, tríd an eolas atá de dhíth ort a thabhairt duit.

http://www.dataprivacy.ie/

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.