Skip to content

Foilsiú Curaclam Athfhorbartha na Bunscoile

Foghlaim Tuilleadh

Stair (Leibhéal 2)

Tá an Dreáchtsonraíocht le haghaidh Stair na hArdteistiméireachta ceadaithe le haghaidh comhairliúchán poiblí. Mairfidh tréimhse an chomhairliúcháin ó 2 Márta 2026 go dtí 24 Bealtaine 2026.

íomhá CNCM réamhshocraithe

Dearadh sonraíocht ghearrchúrsa Staire na Sraithe Sóisearaí do scoláirí a leanann cláir foghlama Leibhéal 2. Tabharfar isteach i scoileanna í ag tús na scoilbhliana 2023/24. Dearadh an cúrsa seo le haghaidh 100 uair a chloig de rannpháirtíocht seomra ranga. Tá na torthaí foghlama leagtha amach de réir trí shnáithe:

  • Snáithe 1: A bheith i do staraí
  • Snáithe 2: An domhan a fhiosrú tríd am
  • Snáithe 3: Taighde a dhéanamh ar an am atá thart i m’áit

Tá na torthaí foghlama i ngach snáithe leagtha amach de réir dhá ghné:

  • Taithí a fháil agus páirt a ghlacadh
  • Freagairt agus machnamh a dhéanamh