Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Buntreoir don Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide

Tá Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide mar chuid den chroíchuraclam le haghaidh gach scoláire san Ardteistiméireacht Fheidhmeach. Beartaítear scileanna agus tuiscint an scoláire ar Theicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide a fhorbairt le go mbeidh sé ar a chumas ríomhairí a úsáid ina shaol anois agus amach anseo. Cuireann clár na hArdteistiméireachta Feidhmí an modh idéalach ar fáil don scoláire chun na scileanna sin a chur i bhfeidhm ar bhealach praiticiúil, go háirithe agus tascobair agus príomhthascanna á gcur i láthair ar fud raon iomlán an churaclaim. Cothaíonn na haidhmeanna insroichte a bhaineann le cruinneas, néatacht agus scileanna cur i láthair a fhorbairt bród sa scoláire maidir leis an obair a dhéanann sé, feabhsaítear féinmheas an scoláire agus spreagtar an scoláire chun barr a chumais a bhaint amach i réimsí eile den chúrsa agus ina shaol pearsanta.

Tá an tuairisceoir athbhreithnithe modúil seo a leanas ar fáil don scoláire a bheidh ag dul isteach sa chéad bhliain den Ardteistiméireacht Fheidhmeach i Meán Fómhair 2021.