Skip to content

Foilsiú Curaclam Athfhorbartha na Bunscoile

Foghlaim Tuilleadh

Fisic

Diagrams of elements from theoretical physics

Tabharfar sonraíocht nua san Fhisic don Ardteistiméireacht isteach do mhic léinn na cúigiú bliana i mí Mheán Fómhair 2025 agus tiocfaidh sí in ionad siollabas reatha Fisice na hArdteistiméireachta. 

Is é an aidhm atá ag Fisic na hArdteistiméireachta taithí a chur ar fáil don scoláire a dhéanfaidh an tsuim agus an dúil atá acu san fhisic a fhorbairt. Agus seo a dhéanamh, déantar iarracht an t-eolas, na scileanna na luachanna agus na meonta atá de dhíth a thógáil chun saoránaigh atá eolach ar an eolaíocht a chothú, atá ullamh go maith do na dúshláin agus na deiseanna atá rompu, agus a bhfuil dúil acu i bhfoghlaim ar feadh an tsaoil agus i maireachtáil inbhuanaithe mar shaoránaigh i sochaí atá ag forbairt ó thaobh na teicneolaíochta de.Go sonrach, is é an aidhm atá le Fisic na hArdteistiméireachta, ná an scoláire a chumasú chun eolas agus tuiscint a fhorbairt ar phríomhchoincheapa sainithe agus ar bhunphrionsabail na fisice, na scileanna, luachanna agus meonta a fhorbairt a theastaíonn leis an eolas seo a chur i bhfeidhm le fadhbanna a mhíniú, a anailísiú agus a réiteach agus le himeachtaí i réimse córais éagsúla agus imoibrithe sa saol fisiceach a thuar, fiosracht agus scileanna praiticiúla a fhorbairt i gcomhréir le prionsabail agus cleachtais na fisice, uiscint a fhorbairt ar an gcaoi a bhfuil an tsochaí agus eolaíocht fite fuaite lena chéile, ar ábharthacht laethúil agus ar impleachtaí eiticiúla na fisice.