Ceardaíocht agus Dearadh
Tá an cúrsa Ceardaíochta agus Dearaidh roinnte ina cheithre réimse:
- Faisean agus Teicstílí,
- Cumarsáid Ghrafach agus na Meáin Phriontáilte,
- Staidéar Tríthoiseach,
- Staidéar Lionsa-Bhunaithe.
Tá sé i gceist ag an gcúrsa seo deis phraiticiúil a chur ar fáil don scoláire chun a chuid inniúlachtaí cognaíocha, cruthaitheacha, teicneolaíocha, aeistéitiúla agus láimhe a fhorbairt.
Spreagann an cúrsa an scoláire le breathnú ar fhéidearthachtaí difriúla ceardaíochta agus dearaidh le huirlisí agus trealamh bunúsach agus le triail a bhaint as rudaí éagsúla agus eolas a chur ar na próisis bhunúsacha a bhaineann leis an gceird roghnaithe. Déantar iarracht chomh maith tuiscint ar phrionsabail an dea-dhearaidh a chur chun cinn. Tugtar deis don scoláire freisin breathnú ar fheidhmeanna stairiúla na gceirdeanna sin, ar an úsáid a bhaintear astu faoi láthair agus ar na féidearthachtaí gairme a bhaineann leo.