Tríd an tSean-Ghréigis a fhoghlaim, faigheann an scoláire rochtain dhíreach ar litríocht, ar chultúr agus ar smaointe na Sean-Ghréige agus an Domhain Heilléanaigh agus foghlaimíonn sé an chaoi go gcuireann stair na Gréigise eolas ar fáil don am i láthair i gcónaí. Ag baint úsáid as an eolas atá aige ar an teanga, iniúchann sé téacsanna na Sean-Ghréigise ina gcomhthéacsanna difriúla. Forbraíonn sé litearthacht chultúrtha láidir agus é ag fiosrú éachtaí, luachanna agus traidisiúin ‘daoine eile’, idir chinn a bhfuil cleachtadh aige orthu agus chinn dhifriúla. Cabhraíonn staidéar a dhéanamh ar an tSean-Ghréigis leis an scoláire a bheith rannpháirteach, feasach agus nasctha go cultúrtha. Méadaíonn sé a fheasacht ar a thimpeallacht agus a éiteas cultúrtha féin, agus múineann dó le tuiscint a bheith aige ar thraidisiúin agus luachanna daoine eile. Sonraíocht churaclaim le haghaidh an tSean-Ghréigis na hArdteistiméireachta ó 2025 a íoslódáil Siollabas Sean-Ghréigise na hArdteistiméireachta (le scrudú go dtí Meitheamh 2026)