Skip to content

Foilsiú Curaclam Athfhorbartha na Bunscoile

Foghlaim Tuilleadh

Tuairisciú agus Aistrithe

Ar an leathanach seo tá tacaíochtaí maidir le tuairisciú do thuismitheoirí, rud a thacaíonn leis an aistriú idir suíomhanna agus le haistriú faisnéise scoláirí chuig scoileanna eile.

Tá Tacar Uirlisí Churaclam na Bunscoile i mbun forbartha faoi láthair agus foilseofar ábhair thacaíochta bhreise de réir a chéile chun tacú le cur i bhfeidhm an churaclaim. 

Tuairisciú

Is féidir na teimpléid seo a leanas (1-12) a úsáid chun tuairisciú ó naíonáin shóisearacha go dtí an lár téarma i rang a cúig.

*D’fhéadfadh teimpléid 10, 11 agus 12 a bheith an-úsáideach do leanaí atá ag obair faoi láthair ar phleananna tacaíochta sa bhunscoil.

Is féidir leat na teimpléid na a athrú trí úsáid a bhaint as bogearraí saor in aisce Adobe Reader (www.adobe.com/reader).

Ó 2014/2015 amach, tá sé de riachtanas ar scoileanna úsáid a bhaint as Cárta Tuairiscithe 6ú Ranga deireadh bliana. Forbraíodh an cárta tuairiscithe chun tacú le cuspóir dhá fheidhm i dtuairisciú chuig tuismitheoirí agus aistriú faisnéise ar scoláirí chuig iar-bhunscoileanna.


Is cuid d’ábhair an Phas Oideachais é an cárta tuairisciú a forbraíodh chun tacú le scoileanna faisnéis maidir le foghlaim na bpáistí a chomhroinn leis na hiar-bhunscoileanna ábhartha.

Tacaíonn an Cruthaitheoir Cárta Tuairiscithe le do scoil do chárta tuairiscithe féin a chruthú i seacht gcéim shimplí.

Faisnéis do thuismitheoirí maidir le tuairiscí cinn bliana agus trialacha caighdeánacha a thuiscint

Faisnéis do thuismitheoirí

 

Aistrithe

Gníomhaíochtaí aistrithe bunscoile  

Gheobhaidh tú moltaí anseo chun cabhrú le do phleanáil do na páistí a bheidh ag teacht isteach i naíonáin shóisearacha mar aon le roinnt gníomhaíochtaí a bhaineann le haistriú a d’fhéadfadh a bheith úsáideach sa chéad téarma.

Tacaíonn ábhair an Phas Oideachais le haistriú faisnéise ar an scoláire ón mbunscoil go dtí an iar-bhunscoil. 

Tacaíonn ábhair an Phas Oideachais le próiseas 3-bhealach maidir le haistriú faisnéise ar an scoláire ón mbunscoil go dtí an iar-bhunscoil.

Cuidíonn na foirmeacha seo a leanas le tacú le haistriú an scoláire ón mbunscoil go dtí an iar-bhunscoil:

Is féidir le bunscoileanna tagairt a dhéanamh do na tacaíochtaí seo a leanas:

 

Faisnéis agus tacaíochta do thuismitheoirí maidir le haistrithe na bpáistí idir réamhscoileanna, bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna.

Tacaíochtaí Aistrithe 

 

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.