Tabharfar isteach sonraíocht d'ábhar nua na hArdteistiméireachta, Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe, do dhaltaí na cúigiú bliana i mí Mheán Fómhair 2025. Tá sé mar aidhm ag Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe na hArdteistiméireachta cumas an scoláire a fhorbairt chun gníomhú go feasach agus go fóinteach do dhomhan cóir inbhuanaithe agus iad ag dul i ngleic le príomhdhúshláin inbhuanaitheachta, lena n-áirítear an ghéarchéim aeráide. Go sonrach, tá sé mar aidhm ag Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe na hArdteistiméireachta daltaí a chumhachtú chun cur lena dtuiscint ar roinnt croíchoincheapa agus prionsabail idirnasctha a bhaineann le gníomhú ar son na haeráide agus forbairt inbhuanaithe; a gcuid foghlama a chur i bhfeidhm maidir le príomhdhúshláin inbhuanaitheachta a iniúchadh, a dhearadh agus gníomhaíocht eolasach a dhéanamh ina leith, lena n-áirítear an ghéarchéim aeráide; castacht a bhainistiú trí smaointeoireacht chriticiúil a úsáid, cinntí eolasacha a dhéanamh bunaithe ar fhianaise eolaíoch agus bunaithe ar chearta agus ar phrionsabail an duine; a n-inniúlacht sa smaointeoireacht a fhorbairt go córasach, dearcthaí éagsúla a chur san áireamh agus anailís a dhéanamh ar bhunchúiseanna na saincheisteanna domhanda; freagairt go machnamhach do dhúshláin agus do dheiseanna comhshaoil, agus na buntáistí iomadúla a bhaineann le foghlaim áitbhunaithe agus lasmuigh a bhaint amach. Sonraíocht na hArdteistiméireachta um Ghníomhú ar son na hAeráide agus um Fhorbairt Inbhuanaithe (le tabhairt isteach i Meán Fómhair 2025)
Sonraíocht na hArdteistiméireachta um Ghníomhú ar son na hAeráide agus um Fhorbairt Inbhuanaithe (le tabhairt isteach i Meán Fómhair 2025)