Skip to content

Foilsiú Curaclam Athfhorbartha na Bunscoile

Foghlaim Tuilleadh

Tuismitheoirí agus Páistí

Ar an leathanach seo cuirtear faisnéis ar fáil faoi churaclam athfhorbartha na bunscoile a fhéadann ceannairí scoile agus múinteoirí a roinnt le páistí agus tuismitheoirí. Tá moltaí agus leideanna maidir le conas is féidir le tuismitheoirí tacú le foghlaim a bpáistí sa bhaile ar fáil freisin

Tá Tacar Uirlisí Churaclam na Bunscoile i mbun forbartha faoi láthair agus foilseofar ábhair thacaíochta bhreise de réir a chéile chun tacú le cur i bhfeidhm an churaclaim. 

Íomha de chlúdach acmhainní le grúpa páistí ag dul isteach i scoil

Foghlaim páistí i mBunscoileanna agus Scoileanna Speisialta: Céard, Cén fáth agus Conas? Faisnéis do thuismitheoirí

Sa leabhrán seo, soláthraítear faisnéis faoi fhoghlaim do pháiste i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta. Áirítear moltaí ann freisin maidir le conas is féidir leat oibriú le scoil do pháiste chun tacú le foghlaim agus forbairt do pháisteschools.

Clúdach Doiciméad Faisnéise Folláine do Thuismitheoirí

Sonraíocht na Folláine: Eolas do thuismitheoirí

Cuirtear faisnéis ar fáil sa cháipéis seo faoi fhoghlaim do pháiste i réimse na Folláine, ina dtugtar Corpoideachas agus Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS) le chéile chun cabhrú le páistí saolta gníomhaíocha, sláintiúla agus sásúla a chaitheamh. Tugtar forbhreathnú inti ar a bhfoghlaimeoidh páistí, an chaoi a dtarlaíonn foghlaim agus an chaoi ar féidir le tuismitheoirí tacú leis an bhfoghlaim sa bhaile.

Treoir do Pháistí maidir le Curaclam Athfhorbartha na Bunscoile: Cad a fhoghlaimímid agus conas a fhoghlaimímid ar scoil

Rinneadh eolas do na hábhair sin, a dearadh chun tacú le tuiscint páistí ar an gcuraclam athfhorbartha, le ceisteanna barántúla a bailíodh ó na páistí le linn cuairteanna scoile.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.