Skip to content

Foilsiú Curaclam Athfhorbartha na Bunscoile

Foghlaim Tuilleadh

An tSraith Shinsearach

Tá CNCM ag lorg léirithe spéise ó scoileanna faoi láthair chun páirt a ghlacadh i dtionscnamh spreagúil atá ag iarraidh tograí a fhorbairt maidir le bealaí conairí solúbtha sa tsraith shinsearach.

Cosán leabhar trasna féir

Freastalaíonn oideachas na Sraithe Sinsearaí ar dhaltaí san aoisghrúpa 15 go 19 mbliana d'aois. Cuimsíonn sí Idirbhliain roghnach, a leanann díreach tar éis na Sraithe Sóisearaí.  Le linn na dá bhliain dheireanacha den tSraith Shinsearach, glacann daltaí le ceann de cheithre chlár: an Ardteistiméireacht Bhunaithe (ATB), Gairmchlár na hArdteistiméireachta (GCAT)), an Ardteistiméireacht Fheidhmeach (ATF) nó Clár Foghlama Leibhéal 1/Leibhéal 2 na Sraithe Sinsearaí (CFL1anna/CFL2anna).