Oideachas Reiligiúnach
Cothaíonn Oideachas Reiligiúnach na hArdteistiméireachta caoinfhulaingt agus tuiscint fhrithpháirteach. Cúrsa leathan is ea é ina bhféachtar le scileanna a fhorbairt a chuirfidh ar chumas daltaí bheith rannpháirteach i gcomhphlé bhríoch leo siúd a bhaineann le traidisiúin reiligiúnacha eile nó le traidisiún ar bith.
Ceapadh an siollabas seo do scoláirí sa tsraith shinsearach den iar-bhunoideachas agus measúnaítear é ag an nGnáthleibhéal agus ag an Ardleibhéal.
Tá creat neamhscrúdaithe ar fáil, leis, do na scoláirí sin nach mian leo an tOideachas Reiligiúnach a dhéanamh mar ábhar Ardteistiméireachta.