Skip to content

Foilsiú Curaclam Athfhorbartha na Bunscoile

Foghlaim Tuilleadh

Innealtóireacht

A robot arm being controlled by a person using a touch device

Tabharfar isteach sonraíocht nua Innealtóireacht na hArdteistiméireachta do dhaltaí na cúigiú bliana i mí Mheán Fómhair 2026 agus tiocfaidh sí in áit shiollabas reatha Innealtóireacht na hArdteistiméireachta.

Is éard atá i gceist le hInnealtóireacht na hArdteistiméireachta ná an staidéar ar réimse leathan d’ábhair, próisis agus feidhmeanna teicneolaíochta a bhaineann leis an innealtóireacht mheicniúil agus iad comhtháite le sealbhú na scileanna agus na dteicnící láimhsithe a theastaíonn le haghaidh seiftiúlacht phraiticiúil, cruthaitheacht agus réadú deartha i gcur i gcrích na hoibre don scoláire sa tsraith shinsearach den oideachas iar-bhunscolaíochta. Forbraíonn an scoláire na scileanna agus an tionscnaíocht i bpleanáil, forbairt agus cur i gcrích na dtionscadal teicneolaíochta ar bhealach sábháilte. Tá dhá phríomhréimse staidéir ann: próisis saotharlainne, agus ábhair agus teicneolaíocht.

Déantar an Innealtóireacht a mheasúnú ar dhá leibhéal, Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal, trí bhíthin scrúdú scríofa, tionscadal agus scrúdú praiticiúil.