Tabharfar isteach sonraíocht nua Chuntasaíocht na hArdteistiméireachta tráth nach luaithe ná Meán Fómhair 2027 do dhaltaí na cúigiú bliana agus tiocfaidh sí in áit shiollabas reatha Chuntasaíocht na hArdteistiméireachta.
Tugann Cuntasaíocht na hArdteistiméireachta an t-eolas, an tuiscint agus na scileanna cuntasaíochta agus bainistíocht airgeadais is gá chun go mbeidh ar chumas scoláirí cuntais phearsanta agus bunchuntais cuideachta a bhainistiú. Tríd an méid a fhoghlaimíonn siad sa chuntasaíocht, forbraítear a gcumas chun rudaí a eagrú agus smaoineamh go loighciúil, agus sealbhaíonn siad scileanna pleanála agus fadhbréitigh a bheidh úsáideach feasta ina saol pearsanta, ag an obair agus chun staidéar a dhéanamh. Forbraíonn siad scileanna uimhearthachta, leis, i gcomhthéacs gnó agus fiontair. Ceapadh an siollabas seo do scoláirí sa tsraith shinsearach den iar-bhunoideachas agus measúnaítear é ag an nGnáthleibhéal agus ag an Ardleibhéal.