Raitís Foghlama
|
Ráitis foghlama (RF) |
|
|---|---|
|
Ráiteas |
Samplaí d’fhoghlaim ábhartha sa chúrsa |
|
RF 4: Cruthaíonn agus cuireann an scoláire i láthair saothair ealaíonta agus tuigeann sé/sí an próiseas agus na scileanna atá i gceist. |
Déanann an scoláire machnamh ar na próisis agus na scileanna go léir a chuireann le cur i láthair a chruthú. Foghlaimíonn sé lena shaothar féin agus saothar daoine eile a léirmheas. Spreagtar é chun nuálaíocht agus cruthaitheacht a thaispeáint tríd an bpróiseas a bhaineann le taibhiú ealaíne a léiriú. |
|
RF 23 Tógann an scoláire smaoineamh ar aghaidh ó cheapadh go réadú. |
Oibríonn an scoláire coincheap cruthaitheach amach agus cinneann siad an chaoi lena thabhairt chun críche. Baineann sé sin le rannpháirtíocht i bpróiseas struchtúrtha réitithe faidhbe, lena n-áirítear an chaoi le pictiúr a phéinteáil agus é a chomhtháthú i dtaispeántas; an chaoi le scannán a dhéanamh; an chaoi le léiriú stáitse nó cur i láthair ceoil a dhéanamh, ag gluaiseacht trí thaighde, ransú smaointe, beartú tosaíochta, cleachtadh, feabhsú, cur i láthair, taifeadadh, measúnú agus machnamh. Nuair a eagraíonn sé an cur i láthair deiridh múintear scileanna a bhaineann le bainistíocht (lóistíocht/airgeadas), cur chun cinn (díriú agus freastal ar lucht féachana) agus eagrú. |
| RF 1: Déanann an scoláire cumarsáid go héifeachtach ag úsáid modhanna éagsúla i réimse comhthéacsanna in L1. | Forbraíonn an scoláire scileanna cumarsáide i réimse bealaí: tríd an gcumarsáid ó bhéal, atá ina gné de chuid mhór den chomhoibriú leanúnach; trí thaifeadadh pearsanta aistear foghlama; trína mhachnamh léirmheasa leanúnach ar an bhfoirm ealaíne lena bhfuiltear ag plé agus/nó trí mheáin éagsúla a úsáid le príomhtheachtaireachtaí a chur in iúl do spriocluchtanna féachana. |
| RF 20: Úsáideann an scoláire teicneolaíochtaí cuí chun dul i ngleic le dúshlán deartha. | Spreagtar an scoláire le teicneolaíochtaí digiteacha agus éagsúlacht meán a úsáid le tacú lena chuid oibre. |