An clár foghlama i ngníomh
Tá an scoláire i lár an rotha.
- Bonnlíne don fhoghlaim a bhunú: Is é an chéad rud is ceart cuimhneamh air agus clár foghlama á phleanáil ná céard atá foghlamtha ag an scoláire cheana féin. Déantar breith ag an tráth seo ar réamheolas, spéiseanna speisialta, Plean Oideachais don Dalta Aonair agus uaillmhianta todhchaí ag an gcéim seo.
- Eolas, tuiscint, scileanna agus dearcthaí: Is é an chéad rud eile le cuimhneamh air an t-eolas, na scileanna, an tuiscint agus na dearcthaí a dteastaíonn uainn go bhfaighidh an scoláire iad sa chlár foghlama.
- Aonaid Tosaíochta Foghlama: Chun clár foghlama a dhearadh, roghnaítear na gnéithe is oiriúnaí i ngach ATF don scoláire.
- Eispéiris foghlama: Tugtar réimse bealaí sna heispéiris foghlama don scoláire a ghlacann páirt i CFL1anna inar féidir leis na torthaí foghlama ábhartha a bhaint amach.
- Fianaise ar fhoghlaim agus ar cháilíocht: Úsáidtear raon modhanna chun fianaise a bhailiú ar fhoghlaim an scoláire. Nuair a chuireann an scoláire an clár foghlama i gcrích go rathúil, bronntar an PGSS.
- Prionsabail: Léiríonn na prionsabail chomh tábhachtach is atá forbairt agus oibriú na gclár foghlama.