Aonaid Tosaíochta Foghlama (ATF)
Tá sé Aonad Tosaíochta Foghlama (ATFanna) ag croílár Chlár Foghlama Leibhéal 1. Sainaithnítear agus forbraítear go follasach sna hAonaid Tosaíochta Foghlama seo na príomhréimsí foghlama a theastaíonn chun na scoláirí a ullmhú dá saol amach anseo. Cé go gcuirtear iad i láthair mar aonaid astu féin, nuair a úsáidtear mar chuid de chlár foghlama iad, idirnascann agus forluíonn na hAonaid Tosaíochta Foghlama seo. Tá na ATFanna san ord seo le cabhrú le múinteoirí atá ag pleanáil do scoláirí CFL1 agus CFL2.
Cumarsáid, teanga agus litearthacht |
Uimhearthacht |
Cúram pearsanta agus folláine |
A bheith rannpháirteach i bpobal |
Na healaíona |
Corpoideachas |
Déantar cur síos ar gach ATF i dtéarmaí ginearálta, le liosta achomair de phríomhghnéithe gach ATF leagtha amach ina dhiaidh sin i dtábla.
Tá gach ATF roinnte ina ghnéithe agus tá roinnt torthaí foghlama bainteach le gach gné ina sonraítear an t-eolas, na scileanna agus na dearcthaí ar féidir leis an scoláire a léiriú gur fhoghlaim sé (féach lch 23 do na torthaí foghlama a bhaineann le ATF). Cuirtear na torthaí foghlama i láthair i seicheamh, a léiríonn éileamh cognaíoch, cé nach ndéanfaidh gach scoláire dul chun cinn go líneach.
Ailínítear na torthaí foghlama a forbraíodh do CFL1anna go ginearálta leis na táscairí ag Leibhéal 1 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí (féach Aguisín C). Éascaítear idirdhealú suas nó anuas de réir mar is gá de bharr go bhfuil na torthaí foghlama neamhshrianta. Cé go mbíonn na hionchais is airde agus is féidir ag an múinteoir do na scoláirí a mhúineann sé, ní ga do gach scoláire gach ATF nó gach toradh foghlama a bhaint amach. Roghnaíonn an múinteoir torthaí foghlama don scoláire le hoibriú orthu a shainaithníonn sé a bheith indéanta agus réadúil, mar gheall ar chumais agus bearnaí foghlama an scoláire ar leith. D’fhéadfadh sé freisin go leor ama a thógáil chun dul chun cinn a dhéanamh ar thoradh foghlama. Cé go dtugann roinnt torthaí foghlama le fios go bhféadfadh tacaíocht ó dhuine fásta a bheith ó scoláire chun an toradh a bhaint amach, is é an aidhm i gcónaí tacú leis an scoláire i dtreo a oiread neamhspleáchais agus is féidir.
Toisc go bhfuil gach scoláire ar thuras foghlama aonair, forbraíodh contanam dul chun cinn le seacht gconair dhul chun cinn agus táscairí tuairisciúla ag dul leo (féach lch 20). Cabhraíonn an contanam le múinteoirí, tuismitheoirí/caomhnóirí agus leis an scoláire cuntas a choinneáil agus tuiscint a fháil ar thuras an scoláire agus an áit a bhfuil sé ar an turas sin. Leagtar amach an contanam i seacht gconaire – blaiseadh de, aird a thabhairt air, freagairt dó, tús a chur leis, sealbhú, ag éirí líofa, agus ginearálú – agus tugtar tuairisceoir do gach ceann díobh siúd ina dtugtar breac-chuntas ar an méid a bhaineann leis an gconair sin.
Mar aon leis an bPlean Oideachais don Dalta Aonair de chuid an scoláire, tacaíonn an contanam dul chun cinn le múinteoirí na chéad chéimeanna eile sa teagasc, san fhoghlaim agus sa mheasúnú a phleanáil. Cabhróidh an t-ábhar tacaíochta pleanáilte don Tacar Uirlisí CFL1 le pleanáil freisin, agus tabharfar samplaí den chaoi ar fhorbair múinteoirí eile CFL1anna dá scoláirí.
Beidh na torthaí foghlama ó na ATFanna san fhoghlaim sna CFL1anna den chuid is mó. Seachas na ATFanna, comhpháirt churaclaim eile – atá i gcoiteann ag na CFL1anna le gach clár sa tsraith shóisearach – is ea an gearrchúrsa [1]. Baineann gearrchúrsaí le torthaí foghlama na ATFanna agus is féidir leo tacú leo. Is aonaid churaclaim iad a forbraíodh le díriú ar réimse spéise ar leith do scoláirí in aois na sraithe sóisearaí. Beidh na gnéithe seo freisin i ngearrchúrsaí Leibhéal 1 agus tabharfar deis don scoláire iontu rochtain a fháil ar raon chomh leathan réimsí curaclaim agus is féidir. I dtosach, forbróidh CNCM líon beag gearrchúrsaí lena n-úsáid ag scoileanna. Ach, beidh saoirse ag scoileanna freisin a ngearrchúrsaí féin a fhorbairt ag leanúint teimpléid agus treoirlínte a d’fhorbair CNCM. D’fhéadfadh eagraíochtaí eile, in imeacht ama, gearrchúrsaí a fhorbairt. Féadfaidh scoileanna cinneadh a dhéanamh faoi na gearrchúrsaí is oiriúnaí dá scoláirí – d’fhéadfaidís a bheith bunaithe ar ábhair nó d’fhéadfaidís a bheith téamach agus traschuraclaim. Ba cheart go ndíreofaí iontu i gcónaí ar thopaicí atá oiriúnach d’aois an scoláire sa tsraith shóisearach agus ar réimsí spéise na scoláirí lena mbaineann.
Ba cheart an scoláire a éascú chun a chuid foghlama ó chás amháin a chur i bhfeidhm ar chás eile gach uair a bhíonn deis aige. Cinntíonn sé sin go gcomhdhlúthaíonn sé a chuid scileanna. Cé go bhfuil athrá agus athdhéanamh riachtanach do na scoláirí seo, ba cheart go mbeadh foghlaim ag tarlú i dtimpeallachtaí foghlama éagsúla d'fhonn go gcoinneodh an scoláire a spreagadh agus chun breith a dhéanamh ar cibé an bhfuil an scoláire in ann a fhoghlaim a ghinearálú.
Agus pleanáil á déanamh don teagasc, foghlaim agus measúnú don scoláire atá ag tabhairt faoi CFL1, moltar próiseas atá cosúil leis an bpleanáil do CFL2anna. Seo a leanas na príomhghnéithe sa phróiseas pleanála sin:
- Tá riachtanais an scoláire i gcroílár an phróisis, agus a réimsí spéiseanna agus an Plean Oideachais don Dalta Aonair de chuid an scoláire mar aon le tuairiscí ó thuismitheoirí/chaomhnóirí agus gairmithe eile a oibríonn leis an dalta mar bhonn agus taca aige.
- Treoirlínte CFL1 a chur i bhfeidhm ar riachtanais an scoláire.
- ATFanna agus a dtorthaí foghlama ábhartha a úsáid atá oiriúnach don scoláire sin.
- Gearrchúrsaí agus ábhar curaclaim eile a úsáid chun foghlaim a éascú agus curaclam leathan a chur ar fáil.
- Cuir chuige teagaisc a shainaithint i leith réimsí ar nós forbairt cumarsáide, teanga agus forbartha don scoláire.
- An plean chun fianaise a bhailiú den obair ar thug an scoláire fúithi agus an fhoghlaim a bhain sé amach.
Féach Fíor 1 thíos i gcomhair léiriú amhairc ar an bpróiseas seo.
[1] Féach an Creat don tSraith Shóisearach (An Roinn Oideachais agus Scileanna, 2015) i gcomhair tuilleadh sonraí ar ghearrchúrsaí.
Tá an chumarsáid mar thaca agus mar bhonn faoi gach foghlaim agus tá sí ríthábhachtach le bheith in ann an fhoghlaim a aistriú. Tá cumarsáid agus teanga mar bhunús le gach ATF eile. San aonad seo, cuimsítear bealaí briathartha agus neamhbhriathartha araon san fhoghlaim chun eolas a fháil agus a thabhairt. Teastaíonn idirghníomhú sóisialta idir an scoláire agus páirtí cumarsáide i gcomhair forbairt teanga. D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le roinnt scoláirí sa chohórt seo a chur ar an airdeall go gcónaíonn siad i ndomhan taobh amuigh dá gcolainn féin. Is féidir cumarsáid do na scoláirí seo a chumasú agus a chur chun cinn le cabhair ar nó cumarsáid bhreisitheach agus mhalartach, m.sh. leideanna amhairc agus míre, leideanna ó bhéal, gotha gnúise, geáitsíocht, teanga chomharthaíochta (ar nós Theanga Chomharthaíochta na hÉireann), gairis leictreonacha, Braille (nó Moon [1]) agus i bhfoirm scríofa. Trí scileanna cumarsáide a fhorbairt, breisíonn an scoláire a idirghníomhaíochtaí sóisialta agus feabhsaíonn sé a fhéinmheas.
Ba cheart an scoláire atá ag tabhairt faoi CFL1 a nochtadh d’eispéireas leathan litearthachta. Áirítear sa sainmhíniú seo ar litearthacht litearthachtaí ilmhódacha a chuimsíonn litearthachtaí labhartha, priontáilte, amhairc agus digiteacha.
[1]Córas léitheoireachta is ea Moon de shiombailí cabhartha do dhaoine dalla. Deirtear go bhfuil sé níos éasca le tuiscint ná Braille.
Foghlaimíonn na scoláiri faoi | Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire |
---|---|
Caidrimh chumarsáideacha a fhorbairt |
|
Tuiscint |
|
Fiosrú agus úsáid |
|
Léitheoireacht |
|
Cur in iúl scríofa |
|
Tugtar deiseanna i ngníomhaíochtaí laethúla don fhionnachtain mhatamaiticiúil – ó sceanra a mheaitseáil go deochanna a dhoirteadh agus ó éadaí a chomhordú go comhábhair a ullmhú don chócaireacht. Mar aon le gach cineál foghlama, caithfidh gníomhaíochtaí a bhaineann leis an ATF seo a bheith éagsúil chun go leor bealaí a cheadú chun coincheapa a léiriú, tuiscint a chur in iúl agus dul i ngleic le rudaí. Dá phraiticiúil agus dá mhéad a bhaineann an comhthéacs le gníomhartha nó tascanna laethúla, is ea is mó a chumasaíonn siad an scoláire. Is féidir foghlaim an scoláire a fhorbairt a thuilleadh le deiseanna chun teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid sa seomra ranga.
Tá uimhearthacht bunúsach don saol laethúil. Is féidir na scileanna a shealbhaítear trí ATF Uimhearthachta aistriú ar fud na scoile, a bhaile agus shaol an phobail. Ba cheart an scoláire atá ag tabhairt faoi CFL1 a nochtadh d’eispéireas leathan uimhearthachta. Roinntear an t-aonad ina shé ghné: feasacht ar an timpeallacht; pátrún agus seicheamh; tuiscint ar uimhreas a fhorbairt; cruth agus spás; tomhais agus sonraí; agus am.
Úsáideann an scoláire a chéadfaí chun iniúchadh, fionnachtain agus fiosrú a dhéanamh ar mhíreanna agus daoine trí choincheapa an chrutha, an tomhais, an ama, an phátrúin agus an tseichimh. Caithfidh an scoláire eispéireas a fháil ar thimpeallacht ina bhfuil go leor matamaitice. Gné lárnach den fhoghlaim sa réimse seo is ea tacú leis an scoláire a bheith rannpháirteach i gcásanna fíorshaoil ina bhfuil úsáid na matamaitice ábhartha.
Foghlaimíonn na scoláiri faoi | Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire |
---|---|
Feasacht ar an timpeallacht |
|
Patrún agus seicheamh |
|
Tuiscint ar uimhreas a fhorbairt |
|
Cruth agus spás |
|
Tomhais agus sonraí |
|
Am |
|
Ag tabhairt faoin ATF seo, bíonn an scoláire ar an eolas faoina cholainn, forbraíonn sé tuiscint ar ghnáthfheidhmeanna colainne agus glacann sé a oiread ceannais agus is féidir ar a chúram agus a fholláine phearsanta féin. Rud is ea cúram a dhéantar leis an scoláire, nó orthu, dá bhrí sin is deis foghlama, rannpháirtíochta, agus ar deireadh, nuair is féidir, deis neamhspleáchais don scoláire atá i ngach gnáthamh cúraim. Foghlaimíonn sé go bhfuil luach air mar gheall ar cé hé féin. Tugtar deis chumhachtaithe dó (roghanna a dhéanamh), féinmheas méadaithe agus a oiread neamhspleáchais agus is féidir. Breisítear folláine mhothúchánach agus fhisiciúil freisin trí fhoghlaim faoi bhia agus cothú mar aon leis an gcaoi le mothúcháin a chur in iúl agus fanacht sábháilte i raon comhthéacsanna. Ba cheart don scoláire a scileanna agus a bhuanna féin a shainaithint agus luach a bheith orthu agus foghlaim chun iad a cheiliúradh.
Oibreoidh scoláire ar thorthaí foghlama bunaithe ar a láidreachtaí agus a riachtanais de réir mar a thugtar le fios ina Phlean Oideachais don Dalta Aonair. Féadfaidh scoláire toradh foghlama a bhaint amach ag ceann ar bith de na seacht gconair dhul chun cinn. Is féidir ábhar curaclaim ó aon réimse curaclaim a úsáid chun na torthaí foghlama a bhaint amach.
Foghlaimíonn na scoláiri faoi | Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire |
---|---|
Féinfheasacht |
|
Cúram pearsanta agus sláinteachas |
|
Bia agus cothú |
|
Folláine mhothúchánach |
|
Folláine fhisiciúil |
|
Sábháilteacht phearsanta |
|
Cuirtear ar chumas an scoláire san aonad seo caidrimh dhearfacha a chothú le daoine eile ina phobal, bíodh a theaghlach, a scoil nó an pobal níos leithne ina gcónaíonn sé i gceist. Éilítear bealach teagaisc bunaithe ar phróiseas do chroí-ghnéithe an tsóisialaithe. Sa chomhthéacs sin, tugann an ATF seo deiseanna don scoláire chun am curaclaim a chaitheamh ag foghlaim taobh amuigh den scoil agus chun dul chun cinn a dhéanamh ar an obair ar phróisis na cumarsáide a fhorbraíonn sé san ATF ‘Cumarsáid, teanga agus litearthacht’. Bíonn deiseanna aige cur lena phobal agus a bheith páirteach ann, na háiseanna ann a úsáid go sábháilte agus go cuí, agus aire a thabhairt dó.
Tógann príomhghné den fhoghlaim sa réimse seo an scoláire isteach ina phobal. Tá sé ríthábhachtach anseo tacú leis an scoláire a fhaigheann athrú agus aistriú deacair. Má fhorbraítear scripteanna sóisialta [1] don scoláire roimh ré, mar aon le grianghraif agus/nó taifeadtaí fuaime nó físeáin laghdaítear imní agus cuireann sé ar a shuaimhneas é trí aithne níos fearr a chur ar an ní anaithnid. Bíonn an t-idirghníomhú sóisialta an-dúshlánach do roinnt scoláirí mar sin má bhíonn deacrachtaí le hobair chomhoibritheach nó sóisialú le daoine eile, ba cheart ligean dóibh obair a dhéanamh as lámha a bpiaraí nó lena dtaobh agus gan brú a chur orthu a bheith páirteach.
[1] Déantar cur síos sna scripteanna sóisialta ar an timpeallacht fhisiciúil a dtabharfaidh an scoláire cuairt uirthi, agus áireofar ann sonraí den mhéid a tharlóidh ar an turas. Scríobhtar sa chéad phearsa go minic iad, m.sh. Nuair a théimid in airde na gcéimeanna chuig an doras beidh mé in ann mo mhála a fhágáil i seomra, áit a mbeidh sé sábháilte go dtí go dtagaim ar ais.
Foghlaimíonn na scoláiri faoi | Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire |
---|---|
Caidreamh le daoine eile |
|
Áiseanna áitiúla a úsáid |
|
Aistriú idir timpeallachtaí |
|
A bheith slán sa phobal |
|
Cur leis an bpobal |
|
Clúdaítear trí réimse san aonad seo: an amharc-ealaín, ceol agus drámaíocht. Nochtar an scoláire do raon saibhir agus éagsúil eispéireas ag baint leas as a gcéadfaí ar fad. Bíonn sé páirteach go cruthaitheach san fhoghlaim agus bíonn deiseanna aige a mhothúcháin, a fhreagairtí agus a shamhlaíocht a chur in iúl mar dhuine aonair agus mar bhall de ghrúpa. Mar gheall ar ghnéithe láidre amhairc, éisteachta agus tadhaill na dtrí ghné, áirítear na scoláirí a bhfuil laguithe amhairc agus éisteachta aige go hiomlán agus go rathúil san fhoghlaim. Is féidir leis na healaíona tacú le gach scoláire chun ciall a bhaint as an domhan timpeall air.
Foghlaimíonn sé faoina oidhreacht chultúrtha agus traidisiún féin agus faoi oidhreacht agus traidisiúin daoine eile. Nochtar an scoláire do shaothar ealaíontóirí, ceoltóirí agus do dhomhan na hamharclannaíochta agus an taibhithe. Trí imeachtaí comhaimseartha agus stairiúla a athinsint a mbíonn cur amach aige orthu, éiríonn an scoláire níos sláine agus níos suaimhní ina thimpeallacht.
Sna trí ghné, leagfar béim ar eispéiris, fiosrú agus cruthú. Ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil an próiseas agus an turas cruthaithe chomh tábhachtach leis an táirge/taibhiú.
Foghlaimíonn na scoláiri faoi | Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire |
---|---|
Amharc-ealaín |
|
Ceol |
|
Drámaíocht |
|
Feabhsaíonn aclaíocht fhisiciúil agus gluaiseacht díriú, giúmar, codladh agus pátrúin itheacháin. Gnéithe tábhachtacha den Chorpoideachas is ea oibriú mar dhuine aonair, scileanna pearsanta a fhorbairt agus oibriú mar bhall d’fhoireann.
Tá na ceisteanna céanna i gceist agus gníomhaíochtaí foghlama Corpoideachais an scoláire á bpleanáil ag múinteoir. Caithfear saincheisteanna ar nós sábháilteachta, mar aon le riachtanais leighis agus fhisiciúla an scoláire a chur san áireamh freisin. B’fhéidir go gcaithfí moltaí a lorg ó fhoireann ildisciplíneach chun trealamh agus gluaiseacht a roghnú atá oiriúnach do riachtanais an scoláire.
Ag tús gach seisiúin Corpoideachais, is féidir le tréimhsí réamhaclaíochta agus fuaraithe, atá tábhachtach do dhuine ar bith atá ag tabhairt faoi aclaíocht fhisiciúil, a bheith an-tairbheach chun na céadfaí a dhúiseacht sula dtosaíonn an ceacht agus chun an scoláire a chur ar a shuaimhneas, go fisiciúil agus go meabhrach, sula bhfilleann sé ar an seomra ranga nó sula mbogann sé ar aghaidh chuig gníomhaíochtaí foghlama eile Mar aon leis na moltaí ón bhfoireann ildisciplíneach a luadh thuas, chabhródh comhairle ón méid a theastaíonn do scoláirí áirithe ar gá dóibh a ngéaga a bhogadh dóibh. Tá sé tábhachtach freisin a thabhairt faoi deara gurb é túsphointe roinnt scoláirí cur suas le fuaimeanna/bolaithe/teocht na dtimpeallachtaí corpoideachais.
Tá sé tábhachtach go gcuirtear chun cinn dearcadh dearfach i leith stíl mhaireachtála shláintiúil. Tá machnamh ar an méid ama a chaitheann scoláire ar ghníomhaíocht choirp, mar aon lena nósanna cothaithe mar bhuntaca le cláir a thugann na tairbhí is mó. Tá gníomhaíocht choirp a bhaineann le sláinte lena n-áirítear aclaíocht chardashoithíoch nuair is féidir ríthábhachtach chun leibhéil aclaíochta a fhorbairt, áit nach gcuireann sé bunriochtaí sláinte i mbaol. Teastaíonn spreagadh ó roinnt scoláirí le páirt a ghlacadh in aclaíocht fhisiciúil. Tá sé tábhachtach go mbeadh an luach saothair a thugtar ionann agus leordhóthanach don mhéid iarrachta a iarrtar ar an scoláire.
Tá sé tábhachtach scileanna oll-luaileacha (an cumas le matáin mhóra an choirp a rialú i gcomhair suí, lámhacán, siúil, reatha agus gníomhaíochtaí eile) agus scileanna mínluaile (gníomhartha níos lú cosúil le breith ar liathróid, breith ar bhata, mála pónairí a phiocadh suas) a fhorbairt mar go bhfuil siad mar bhuntaca le foghlaim ní hamháin in ATF an Chorpoideachais ach in ATFanna eile Leibhéal 1. Ba cheart a thabhairt faoi deara nach bhfuil aon trealamh ar leith ag teastáil chun scileanna oll-luaileacha a fhorbairt.
Is iad na scileanna bunghluaiseachta na pátrúin ghluaiseachta bhunúsacha lena mbaineann na baill choirp éagsúla. Is féidir iad a scagadh ina dtrí chatagóir – scileanna luaile (rith, preabadh, snámh); scileanna cothromaíochta (an cholainn a choinneáil in áit amháin ach ag cothromaíocht ar bhealaí difriúla); agus scileanna míre (ciceáil, caitheamh, brú). Forbraítear scileanna bunghluaiseachta agus an scoláire ag glacadh páirt in ATF an Chorpoideachais.
Ba cheart deiseanna a thabhairt do scoláire atá ag obair ar CFL1anna eispéireas a fháil ar an spraoi, taitneamh agus gnéithe sóisialta a bhaineann le haclaíocht choirp. Sa réimse seo, is torthaí inmhianaithe iad a bhraistint de bheith mar chuid d’fhoireann agus a rannpháirtíocht ar fhoireann.
Foghlaimíonn na scoláiri faoi | Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire |
---|---|
Scileanna gluaiseachta (lúthchleasaíocht/gleacaíocht) |
|
Gníomhaíocht chomhoibritheach (cluichí) |
|
Gluaiseacht chruthaitheach (damhsa) |
|
Uiscíocht |
|