Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Clár Foghlama 2: Tara (Rang Speisialta, Iar-bhunscoil)

Réamhrá

Scoláire cairdiúil agus diongbháilte 14 bliana í Tara a bhfuil meon dearfach agus sona aici. Tá siondróm Down ag gabháil do Tara agus tá sí ag feidhmiú sa raon íseal measartha de mhíchumas foghlama ginearálta. Tá caillteanas éisteachta conduchtach néarchéadfach agus easpa ó bhroinn aici ina lámh chlé. Caitheann Tara áis éisteachta (a bhfuil micreafón bainteach leis) agus lámh próistéiteach le cabhrú léi lena laguithe. Tá riachtanais shuntasacha teanga agus urlabhra ag Tara agus úsáideann sí roinnt comharthaí Lámh chun cumarsáid a dhéanamh leo siúd timpeall uirthi. Tacaítear agus spreagtar Lámh i measc scoláirí agus múinteoirí ar fud thimpeallacht na scoile d’fhonn cumarsáid agus ionchuimsiú Tara a chur chun cinn.

Is breá le Tara teacht ar scoil ach tá réimse leathan spéiseanna agus caitheamh aimsire aici. Is breá léi ceol agus damhsa. Téann sí ag marcaíocht capall, ag snámh agus is maith léi cúnamh a thabhairt ar an bhfeirm. Tá Tara an-sóisialta freisin. Is breá léi a bheith i gcuideachta daoine eile, go háirithe am a chaitheamh lena cairde nó páirt a ghlacadh in imeachtaí sóisialaithe eile ar nós cóisirí nó cuairt a thabhairt ar a gaolta. Mar gheall go bhfuil aipnia chodlata ar Thara is féidir léi éirí tuirseach i rith an lae go háirithe má bhíonn slaghdán nó fliú ag dul di. Seachas sin, is breá le Tara a bheith gníomhach ina timpeallacht.

Freastalaíonn Tara ar iar-bhunscoil i suíomh ranga speisialta. Scoil phobail tuaithe DEIS le níos mó ná 400 scoláire atá sa scoil. Cuireann sí an Teastas Sóisearach, an Ardteistiméireacht, Clár Scoile na Sraithe Sóisearaí agus PLC FETAC leibhéal 5 ar fáil. Freastalaíonn an rang speisialta ar scoláirí faoi mhíchumas foghlama measartha ginearálta. Ritear Clár Foghlama Leibhéal 1 agus 2 sa seomra ranga seo dá scoláirí. Tá múinteoir go leith leithdháilte don rang seo mar aon le rochtain ar chúntóir riachtanas speisialta. Caitheann Tara formhór an lae ina bunsuíomh sa rang speisialta ach baineann sí leas as suíomhanna seomra ranga praiticiúla do ranganna ar leith leis an múinteoir eacnamaíocht bhaile, ealaíne agus corpoideachais. Freastalaíonn Tara ar roinnt ranganna príomhshrutha i rith an lae agus bíonn ranganna seachtainiúla ag roinnt grúpaí acmhainne beaga laistigh den rang speisialta. Cuirtear amchláir mar seo le chéile d’fhonn ionchuimsiú Tara a shíneadh a oiread agus is féidir.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.