Cláir Foghlama Leibhéal 1 agus curaclam na sraithe sinsearaí
Naisc idir prionsabail agus Cláir Foghlama Leibhéal 1
|
Prionsabail na sraithe sóisearaí |
Prionsabail na sraithe sinsearaí |
Cláir Foghlama Leibhéal 1 |
|---|---|---|
|
Foghlaim le foghlaim |
Foghlaim ar feadh an tsaoil |
Deartar cláir le dul i ngleic le riachtanais foghlama an scoláire. Cuireann siad ar chumas an scoláire taithí a fháil ar scileanna agus iad a fhorbairt le tacú le dul i ngleic lena thimpeallacht agus leis an bpobal sa saol tar éis na scoile. |
|
Rogha agus solúbthacht |
Rogha agus solúbthacht |
Bíonn na cláir solúbtha agus léirítear iontu an réimse comhthéacsanna agus suíomhanna atá i gceist. A oiread agus is féidir, éascaítear rogha an scoláire fiú i gcás gur rogha ‘tacaithe’ atá ann. |
|
Cáilíocht |
Cáilíocht |
Bíonn na cláir faoi réir athbhreithniú, forbairt agus coigeartú leanúnach ar mhaith leis an scoláire agus a fhorbairt iomlánaíoch. |
|
Cruthaitheacht agus nuálaíocht |
Cruthaitheacht agus nuálaíocht |
Tugtar deis sna cláir do mhúinteoirí agus scoláirí dul i ngleic leis an gcuraclam ar bhealaí cruthaitheacha agus nuálacha. Cuireann siad ar chumas an scoláire freisin a bhuanna cruthaitheacha a fhiosrú agus a fhorbairt. |
|
Dul i ngleic agus rannpháirtíocht |
Rannpháirtíocht, ábharthacht agus taitneamh |
Tá brí ag baint le cláir don scoláire, tá siad taitneamhach agus tacaíonn siad leis chun a chumas a bhaint amach. Nascann an fhoghlaim leis an saol taobh amuigh den scoil. Cuimhnítear ar réamhfhoghlaim agus eispéiris, forbairt phearsanta agus shóisialta, agus oiriúnacht aoise an scoláire. |
|
Leanúnachas agus forbairt |
Leanúnachas |
Pleanáiltear na cláir d’fhonn na haistrithe atá roimh an scoláire a éascú. I gclár a thógann ar an bhfoghlaim roimhe seo agus a thacaíonn leis an scoláire chun naisc a dhéanamh laistigh de agus thar réimsí foghlama, cuirtear leanúnachas ar fáil agus osclaítear conairí don fhoghlaim sa todhchaí. |
|
Oideachas uileghabhálach |
Oideachas uileghabhálach |
Bíonn na cláir ionchuimsitheach ina bpleanáil, ina ndearadh agus ina n-oibriú. Dearadh iad chun riachtanais an scoláire a chomhlíonadh le tacú lena ionchuimsiú i saol na scoile nó an tsuímh, agus ina phobal. |
|
Folláine |
Folláine |
Deartar na cláir leis an scoláire ina gcroílár. Dá réir, bíonn an fholláine fhisiciúil, mheabhrach, mhothúchán agus shóisialta mar chuid lárnach den chlár. |