Forbhreathnú: Naisc
An ráiteas | Samplaí d’fhoghlaim ábhartha |
---|---|
RF 15: Aithníonn an scoláire an úsáid is féidir a bhaint as eolas, scileanna agus tuiscint mhatamaiticiúil i réimsí uile na foghlama. | Beidh an scoláire in ann réasúnaíocht uimhriúil a chur i bhfeidhm trí chleachtaí a mharcáil amach ó thoisí a thugtar. |
RF 19: Tá luach ag an scoláire ar ról agus cion na heolaíochta agus na teicneolaíochta i leith na sochaí, agus an tábhacht phearsanta, shóisialta agus dhomhanda atá leo. | Déanfaidh an scoláire an tionchar a bhíonn ag an teicneolaíocht ar a shaol féin, ar an tsochaí agus ar an gcomhshaol a mheasúnú. |
RF 20: Úsáideann an scoláire teicneolaíochtaí cuí chun dul i ngleic le dúshlán deartha. |
Cinnfidh an scoláire céard iad na teicneolaíochtaí is feiliúnaí atá ar fáil dó agus cuirfidh sé i bhfeidhm iad chun na critéir a bhaineann le dúshlán a shásamh. |
RF 21: Cuireann an scoláire scileanna praiticiúla i bhfeidhm de réir mar a fhorbraíonn sé/sí múnlaí agus táirgí ag baint úsáide as ábhair agus as teicneolaíochtaí éagsúla. | Déanann an scoláire samhaltú agus innealtóireacht ar tháirgí. Spreagann an próiseas seo an scoláire a scileanna praiticiúla a fhorbairt agus é ag oibriú le raon ábhar agus teicneolaíochtaí. |
RF 23: Tógann an scoláire smaoineamh ar aghaidh ó cheapadh go réadú. |
Forbróidh an scoláire táirge chuig an gcéim dheiridh ó líníocht oibre, dá chuid féin nó ó dhuine eile. |
RF 24: Úsáideann an scoláire an teicneolaíocht agus uirlisí na meán digiteach chun foghlaim, chun obair agus chun smaoineamh go comhoibríoch agus go cruthaitheach ar bhealach freagrach agus eiticiúil. | Úsáidfidh an scoláire uirlisí meán digiteach chun taighde a dhéanamh ar réitigh innealtóireachta, chun iad a chruthú agus a chur i láthair, réitigh ar féidir leo tionchar dearfach a bheith acu ar an gcomhshaol agus ar inbhuanaitheacht agus cur le todhchaí níos fearr. |