Ionchais maidir le scoláirí
Is scáth-théarma é ionchais maidir le scoláirí a nascann torthaí foghlama le samplaí anótáilte de shaothar scoláirí i sonraíocht an ábhair. Nuair a bheidh múinteoirí, scoláirí nó tuismitheoirí ag scrollú síos trí na torthaí foghlama, beidh nasc ar fáil uaireanta le samplaí oibre a bhaineann le toradh foghlama ar leith nó le grúpa de thorthaí foghlama. Roghnófar na samplaí de shaothar scoláirí chun ionchais a léiriú agus beidh tráchtanna múinteoirí leo. Cuirfear ar fáil iad i dteannta na sonraíochta seo. Cuimseoidh na samplaí seo obair:
- atá thar barr ar fad
- atá os cionn na n-ionchas
- atá ag teacht leis na hionchais.
Is é an cuspóir atá leis na samplaí de shaothar scoláirí go dtaispeánfar iontu a oiread atá na torthaí foghlama á mbaint amach i bhfíorchásanna.
Torthaí foghlama
Is ráitis iad na torthaí foghlama a chuireann síos ar an eolas, ar an tuiscint, ar na scileanna agus ar na luachanna ba chóir don scoláire a bheith ábalta a thaispeáint i ndiaidh dó staidéar a dhéanamh ar an matamaitic sa tsraith shóisearach. Cuirtear matamaitic na sraithe sóisearaí ar fáil ag an nGnáthleibhéal agus ag an Ardleibhéal. Baineann tromlach na dtorthaí foghlama a leagtar amach sna táblaí seo a leanas le gach scoláire. Maidir le torthaí foghlama breise do na scoláirí sin a thugann faoin scrúdú matamaitice Ardleibhéil, cuirtear i láthair i gcló trom iad. Faoi mar a leagtar amach anseo iad, léiríonn na torthaí foghlama torthaí don scoláire ag deireadh na dtrí bliana staidéir. Leagann an tsonraíocht amach gur le haghaidh trí bliana atá na torthaí foghlama agus dá bhrí sin, cé nach mbeidh torthaí foghlama a ndírítear orthu ag pointe ama ar leith ‘curtha i gcrích’ fós, leanfaidh siad orthu ag tacú le foghlaim an scoláire sa mhatamaitic go dtí deireadh na sraithe sóisearaí.
Tá uimhir le gach toradh laistigh de gach snáithe. Tá sé i gceist go gcabhródh an t-uimhriú le pleanáil an mhúinteora agus ní sheasann sé d’ordlathas tábhachta ar bith trasna na dtorthaí iad féin. Tabharfaidh na samplaí de shaothar scoláirí atá nasctha leis na torthaí foghlama idir thráchtanna agus léargais a thacaíonn le caighdeáin dhifriúla oibre i measc scoláirí.
Aguisín A: Gluais de bhriathra gnímh
Aguisín B: Céimseata do Mhatamaitic Iar-bhunscoil
| Foghlaimíonn na scoláiri faoi | Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire |
|---|---|
| Bloic thógála |
|
| Léiriú |
|
| Naisc |
|
| Réiteach fadhbanna |
|
| Ginearálú agus cruthúnas |
|
| Cumarsáid |
|
| Foghlaimíonn na scoláiri faoi | Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire |
|---|---|
| ag léiriú uimhreacha agus oibríochtaí uimhríochtúla |
|
| Léirithe coibhéiseacha ar uimhreacha cóimheasta |
|
| Cásanna lena mbaineann comhréireacht |
|
| Patrúin uimhriúla a anailísiú |
|
| Tacair |
|
| Foghlaimíonn na scoláiri faoi | Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire |
|---|---|
| Aonaid tomhais agus ama |
|
| Cruthanna déthoiseacha agus solaid tríthoiseacha |
|
|
Cruthúnais céimseata
Access Geometry for Post-Primary Schools here. |
|
| Cóimheasa triantánacha |
|
| An plána comhordanáideach |
|
| Claocluithe |
|
| Foghlaimíonn na scoláiri faoi | Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire |
|---|---|
| Patrúin agus ar choibhneasa |
|
| Sloinn ailgéabracha |
|
| Cothromóidí ailgéabracha a úsáid |
|
| Cothromóidí ailgéabar a réitiú |
|
| Cothromóidí cearnacha a chruthú |
|
| Ábhar foirmle a athrú |
|
| Feidhmeanna |
|
| Foghlaimíonn na scoláiri faoi | Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire |
|---|---|
| Turgnaimh seans |
|
| Teagmhais randamacha |
|
| Imscrúdú staitistiúil |
|