Eolaíocht agus Príomhscileanna
I dteannta a sain‑inneachair agus eolais, tugann ábhair agus gearrchúrsaí na sraithe sóisearaí deiseanna do scoláirí chun réimse leathan príomhscileanna a fhorbairt. Tá deiseanna ann chun tacú leis na príomhscileanna uile sa chúrsa seo ach tá roinnt díobh a bhfuil tábhacht ar leith leo. Sainítear sna samplaí thíos roinnt de na gnéithe a bhaineann le gníomhaíochtaí foghlama san eolaíocht. Chomh maith leis sin, is féidir le múinteoirí a lán de na gnéithe eile de phríomhscileanna ar leith a fhí isteach ina gcuid pleanála don seomra ranga. Leagtar amach na hocht bpríomhscil go mion i bPríomhscileanna na Sraithe Sóisearaí.
|
An phríomhscil |
Gné na príomhscile |
Gníomhaíocht foghlama an scoláire |
|---|---|---|
|
A bheith cruthaitheach |
Roghanna a fhiosrú |
Agus an scoláire ag tabhairt faoi fhiosrúchán eolaíochta, gineann sé a chuid ceisteanna féin agus féachann sé lena bhfreagairt. Triaileann sé cuir chuige dhifriúla agus é ag obair ar thasc agus déanann sé measúnú chun an cur chuige is fearr a aimsiú. |
|
A bheith liteartha |
Smaointe a chur in iúl go soiléir agus le cruinneas |
Déanfaidh an scoláire argóintí eolaíochta a phleanáil, a dhréachtú agus a chur i láthair, cuirfidh sé tuairimí in iúl le tacaíocht fianaise, agus míneoidh sé feiniméin agus coibhneasa eolaíochta agus cuirfidh sé síos orthu. |
|
A bheith uimheartha |
Meon dearfach a fhorbairt i leith iniúchadh, réasúnaíochta agus réiteach fadhbanna |
Agus an scoláire ag tabhairt faoin eolaíocht, fásfaidh a léirthuiscint don spraoi a bhaineann le fadhbanna matamaiticiúla a fhiosrú i gcomhthéacs smaoineamh eolaíoch agus an sásamh a bhaineann le teacht ar réiteach. |
|
Cumarsáid |
Uimhreacha a úsáid |
Déanfaidh an scoláire eolas agus sonraí a léirmhíniú, a chur i gcomparáid agus a chur i láthair ag úsáid réimse cairteacha/léaráidí atá oiriúnach don fheidhm agus don lucht féachana, ag úsáid téarmaíocht ábhartha eolaíochta. |
|
Eolas agus smaointeoireacht a bhainistiú |
A bheith fiosrach |
Agus é ag déanamh taighde ar shaincheisteanna socheolaíochta, cuirfidh an scoláire ceisteanna chun an fhadhb a scrúdú níos doimhne agus chun an chaoi a smaoiníonn sé féin faoin ábhar a cheistiú. |
|
Mé féin a bhainistiú |
Cinntí ciallmhara a dhéanamh |
Bíonn deis ag an scoláire páirt a ghlacadh i réimse leathan díospóireachtaí comhoibríocha, a thugann seans dó éisteacht le tuairimí difriúla nuair atá a chuid roghanna á meas. |
|
Fanacht folláin |
A bheith slán |
Tabharfaidh an scoláire faoi ghníomhaíochtaí praiticiúla a phleanáil agus a chur i gcrích go minic: foghlaimeoidh sé conas a aithint nuair a bhíonn a shábháilteacht phearsanta faoi bhagairt agus freagairt mar is cuí dó sin |
|
Obair le daoine eile |
Ag cuidiú le háit níos fearr a dhéanamh den domhan |
Bíonn deis ag an scoláire go minic bheith ag cur is ag cúiteamh le linn plé agus díospóireachta faoi shaincheisteanna a bhaineann leis an inbhuanaitheacht. Foghlaimeoidh sé conas smaoineamh go criticiúil faoin domhan agus a chuid fadhbanna agus réitigh a mholadh. |