OSSP agus príomhscileanna
I dteannta a n-inneachair agus a n-eolais shonraigh, tugann ábhair agus gearrchúrsaí na sraithe
sóisearaí deiseanna don scoláire chun réimse leathan príomhscileanna a fhorbairt. Díríonn curaclam
na sraithe sóisearaí ar ocht bpríomhscil.
The 8 key skills are set out in detail in Key Skills of Junior Cycle.
Cuireann an cúrsa seo deiseanna ar fáil chun tacú leis na príomhscileanna uile, ach tá roinnt díobh
a bhfuil tábhacht ar leith leo. Sainaithnítear sna samplaí thíos roinnt de na gnéithe a bhaineann le
gníomhaíochtaí foghlama sa OSSP. Chomh maith leis sin, is féidir leis an múinteoir a lán de na gnéithe
eile de phríomhscileanna ar leith a fhí isteach ina chuid pleanála don seomra ranga.
|
Príomhscil |
Gné na príomhscile |
Gníomhaíocht foghlama an scoláire |
|---|---|---|
|
A bheith cruthaitheach |
Léamh ar son taitnimh agus le tuiscint chriticiúil |
Úsáideann scoláirí a samhlaíocht le:
|
| A bheith liteartha | Léamh ar son taitnimh agus le tuiscint chriticiúil | Déanann scoláirí taighde, scrúdaíonn siad agus léirmheasann siad cás-staidéir agus faisnéis a chuirtear i láthair i meáin éagsúla. |
| A bheith uimheartha | Patrúin, treochtaí agus coibhneasa a fheiceáil | Forbraíonn scoláirí feasacht ar na patrúin, treochtaí agus coibhneasa idir saincheisteanna éagsúla eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta agus ar na naisc idir cúiseanna agus éifeachtaí. |
|
Cumarsáid |
Plé agus díospóireacht |
Éiríonn scoláirí níos muiníní trí dhíospóireachtaí agus trí phlé ranga agus iad ag foghlaim conas a dtuairimí a chur i láthair agus tacú leo le fianaise ó chás-staidéir agus/nó shonraí uimhriúla. |
|
Faisnéis agus smaointeoireacht a bhainistiú |
Smaoineamh go cruthaitheach agus go criticiúil |
Ceistíonn scoláirí a dtuiscintí agus tuiscintí daoine eile. Spreagtar iad le machnamh a dhéanamh ar a dtuiscint agus í a athbhreithniú i bhfianaise eolais nua. |
|
Mé féin a bhainistiú |
A bheith in ann machnamh a dhéanamh ar mo chuid foghlama féin |
Déanann na scoláirí machnamh ar a bhfoghlaim i rith an chúrsa agus ar an gcaoi a mbaineann sí lena saol. Chomh maith leis sin déanann siad machnamh ar agus measúnú ar dhul chun cinn chur i gcrích a ngníomhaíochtaí. |
|
Fanacht folláin |
A bheith sóisialta |
Éiríonn scoláirí feasach orthu féin mar shaoránaigh áitiúla agus dhomhanda le cearta agus freagrachtaí agus forbraíonn siad tuiscint ar chúram d’fholláine daoine eile agus iad ag foghlaim conas atá a bhfolláine féin nasctha le folláine daoine eile agus ár bpláinéid. |
|
Obair le daoine eile |
Ag cuidiú le háit níos fearr a dhéanamh den domhan |
Tá béim láidir ar fhoghlaim a nascadh le gníomh. Trí ghníomh bríoch a dhéanamh, cumasaítear scoláirí a thuilleadh agus feiceann siad conas, trí bheith ag obair le daoine eile, is féidir leo fíordhifríocht a dhéanamh. |