Ionchais maidir le scoláirí
Is scáth-théarma é ionchais maidir le scoláirí a nascann torthaí foghlama le samplaí anótáilte de shaothar scoláirí i sonraíocht an ábhair nó an ghearrchúrsa. Nuair a bheidh múinteoirí, scoláirí nó tuismitheoirí ag scrollú síos trí na torthaí foghlama, beidh nasc ar fáil uaireanta le samplaí oibre a bhaineann le toradh foghlama ar leith nó le grúpa de thorthaí foghlama. Roghnófar na samplaí de shaothar scoláirí chun ionchais a léiriú agus beidh tráchtanna múinteoirí leo. Cuimseoidh na samplaí seo obair:
- atá thar barr ar fad
- atá os cionn na n-ionchas
- atá ag teacht leis na hionchais.
Is é an cuspóir atá leis na samplaí de shaothar scoláirí go dtaispeánfar iontu a oiread atá na torthaí foghlama á mbaint amach i bhfíorchásanna. Cuirfear samplaí anótáilte de shaothar scoláirí a d’anótáil múinteoirí leis an tsonraíocht.
Torthaí foghlama
Is ráitis iad na torthaí foghlama a chuireann síos ar an eolas, ar an tuiscint, ar na scileanna agus ar na luachanna ba chóir don scoláire a bheith ábalta a thaispeáint i ndiaidh dó staidéar a dhéanamh ar an Stair sa tSraith Shóisearach. Baineann na torthaí foghlama a leagtar amach sna táblaí seo a leanas le gach scoláire. Faoi mar atá siad leagtha amach anseo léiríonn siad torthaí don scoláire ag deireadh na dtrí bliana staidéir. Cuirtear béim sa tsonraíocht gur le haghaidh trí bliana atá na torthaí foghlama agus dá bharr sin cé nach mbeidh torthaí foghlama a ndírítear orthu ag pointe ama ar leith ‘curtha i gcrích’ fós, leanfaidh siad orthu ag tacú le foghlaim an scoláire sa stair go dtí deireadh na sraithe sóisearaí. Chun cabhrú le múinteoirí, le tuismitheoirí agus le scoláirí na torthaí foghlama a fhiosrú, tá gluais de na briathra gnímh a úsáidtear sa tsonraíocht le fáil in Aguisín A. Tá uimhir le gach toradh laistigh de gach snáithe. Tá sé i gceist go gcabhródh an t-uimhriú le pleanáil an mhúinteora agus ní sheasann sé d’ordlathas tábhachta ar bith trasna na dtorthaí iad féin, ná níltear ag moladh iontu ord inar chóir na torthaí foghlama a fhorbairt sa seomra ranga. Cuirtear Stair na Sraithe Sóisearaí ar fáil ag leibhéal comónta. Tabharfaidh na samplaí de shaothar scoláirí atá nasctha leis na torthaí foghlama idir thráchtanna agus léargais a thacaíonn le difreáil agus cleachtais chuimsitheacha an tseomra ranga.
Forbhreathnú gairid ar an snáithe
Is snáithe foirmitheach é snáithe 1, ina bhfiosraíonn an scoláire na coincheapa, ina n-úsáideann an scoláire scileanna agus ina ndéanann an scoláire fiosrú ar na luachanna agus na cuir chuige a threoraíonn disciplín na staire agus obair an staraí. Cuideoidh snáithe 1 leis an scoláire ‘mórphictiúr’ a fháil den am atá thart agus tuiscint ar an tábhacht atá le fianaise a fheabhsóidh a chomhfhiosacht staire. Dá bharr sin, is féidir am ar leith a chaitheamh anseo chun na torthaí foghlama a bhaint amach.
Is snáithe aontach é snáithe 1 freisin, áit a mbainfear amach na torthaí foghlama trí bheith ag gabháil don chomhthéacs atá tugtha i Snáitheanna 2 agus 3 maidir le pearsantachtaí, saincheisteanna agus eachtraí.
Tabhair faoi deara nach ionann snáithe 1 agus cúrsa na chéad bhliana- bainfear na torthaí foghlama amach nuair a thabharfar faoi chomhthéacsanna stairiúla shnáithe 2 agus 3 thar na trí bliana.
Foghlaimíonn na scoláiri faoi | Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire |
---|---|
Comhfhiosacht faoin stair a fhorbairt
Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire: |
|
Obair le fianaise |
|
‘An mórphictiúr’ a fháil |
|
Forbhreathnú gairid ar an snáithe
Is snáithe comhthéacsúil é snáithe 2, ina gcuirfidh an scoláire an tuiscint choincheapúil agus na scileanna stairiúla atá aige ar iniúchadh príomhphearsa, saincheisteanna agus eachtraí i stair na hÉireann, lena n-áirítear stair áitiúil, i bhfeidhm.
Foghlaimíonn na scoláiri faoi | Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire |
---|---|
Príomhathruithe a aithint
Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire: |
|
Daoine, cultúr agus smaointe a fhiosrú |
|
Smaointeoireacht stairiúil a chur i bhfeidhm |
|
Forbhreathnú gairid ar an snáithe
Is snáithe comhthéacsúil é snáithe 3, ina gcuirfidh an scoláire an tuiscint choincheapúil agus na scileanna stairiúla atá aige ar iniúchadh príomhphearsa, saincheisteanna agus eachtraí i stair na hEorpa, agus an domhan mór, i bhfeidhm.
Foghlaimíonn na scoláiri faoi | Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire |
---|---|
Príomhathruithe a aithint
Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire: |
|
Daoine, cultúr agus smaointe a fhiosrú |
|
Smaointeoireacht stairiúil a chur i bhfeidhm |
|