Forbhreathnú: Naisc
Léiríonn na táblaí ar na leathanaigh seo a leanas an chaoi a bhfuil an Stair nasctha le gnéithe lárnacha foghlama agus teagaisc mar a thugtar breac-chuntas orthu sa Chreat don tSraith Shóisearach 2015.
An ráiteas | Samplaí d’fhoghlaim ábhartha |
---|---|
RF 3: Déanann an scoláire réimse leathan téacsanna a chruthú, a mheas agus a léirmhíniú go criticiúil. | Déanfaidh an scoláire raon foinsí stairiúla príomha agus tánaisteacha a dhiancheistiú agus bainfidh sé leas as a eolas ar an stair agus a thuiscint choincheapúil chun a théacsanna féin a chruthú ag úsáid formáidí éagsúla. |
RF 6: Tuigeann an scoláire an chaoi a gcuireann luachanna, creidiúintí agus traidisiúin éagsúla leis na pobail agus leis an gcultúr ina maireann sé/sí agus tá meas aige/aici orthu. | Foghlaimeoidh an scoláire faoi bhunús a oidhreacht stairiúil trí iniúchadh a dhéanamh ar ghnéithe den stair a bhaineann lena áit féin, cosúil le daoine scothaosta a chur faoi agallamh maidir le cleachtais agus traidisiúin a bhain leis an gcreideamh. |
RF 7: Tá meas ag an scoláire ar a bhfuil i gceist le bheith ina s(h)aoránach gníomhach, le cearta agus dualgais i gcomhthéacsanna áitiúla agus i gcomhthéacsanna níos leithne. | Fiosróidh an scoláire an t-athrú a tháinig ar ról an duine sa tsochaí de réir a chéile, lena n-áirítear iniúchadh ar an gcoincheap maidir le cearta agus saoránacht, trí scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi ar mhair gnáthdhaoine faoi chórais rialtais difriúla, cosúil le Gearmáin na Naitsithe nó an tAontas Sóivéadach. |
RF 8: Tá meas ag an scoláire ar an oidhreacht áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta agus tuigeann sé/sí an tábhacht atá ag an ngaol idir eachtraí atá thart agus eachtraí reatha, agus tábhacht na bhfórsaí is cúis le hathrú. | Fiosróidh an scoláire an chúis go ndéantar comóradh ar eachtraí stairiúla, cosúil leis an Uileloscadh; déanfaidh sé iniúchadh ar bhunús stairiúil saincheist nó téama comhaimseartha agus déanfaidh sé fiosrú ar an tionchar a bhí ag na Crosáidí ar an domhan, cuir i gcás. |
RF 9: Tuigeann an scoláire bunús agus tionchar ghnéithe sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil an domhain mórthimpeall air. | Fiosróidh an scoláire an t-athrú sóisialta trí fhéachaint ar chúiseanna agus ar iarmhairtí na bpatrún imirce nó an athraithe dhaonra arbh í an Phlá Mhór ba shiocair leo; nó tríd an tionchar a bhí ag imirce agus ag lonnaíocht ar fhéiniúlacht ar oileán na hÉireann a fhiosrú. |
RF 18: Déanann an scoláire breathnú agus measúnú ar eachtraí agus ar phróisis eimpíreacha agus baineann tátail agus cinntí bailí astu | Fiosróidh an scoláire disciplín na staire, lena n-áirítear a bheith ag obair le fianaise agus ag déanamh breithiúnas stairiúil bunaithe ar dhiancheistiú fianaise; mar shampla, an tionchar a bhí ag Éirí Amach 1916 ar na heachtraí as ar tharla an Conradh Angla-Éireannach i 1921 a fhiosrú. |
RF 24: Úsáideann an scoláire an teicneolaíocht agus uirlisí na meán digiteacha chun foghlaim, chun cumarsáid a dhéanamh, chun obair agus chun smaoineamh go comhoibríoch agus go cruthaitheach ar bhealach freagrach agus eiticiúil. | Gabhfaidh an scoláire do TFC agus tabharfaidh sé/sí léirmheas criticiúil air nuair a bheidh foinsí agus fianaise stairiúil á lorg aige/aici agus nuair a bheidh freagairtí ar cheisteanna maidir leis an saol atá caite á gcruthú. |