Príomhscileanna
I dteannta a n-inneachair agus a n-eolais shonraigh, tugann ábhair agus gearrchúrsaí na sraithe sóisearaí deiseanna don scoláire chun réimse leathan príomhscileanna a fhorbairt. Tá deiseanna ann chun tacú leis na príomhscileanna uile sa chúrsa seo ach tá roinnt díobh a bhfuil tábhacht ar leith leo. Chomh maith leis sin, is féidir leis an múinteoir a lán de na gnéithe eile de phríomhscileanna ar leith a fhí isteach ina chuid pleanála don seomra ranga.
An phríomhscil | Sampla de ghné na príomhscile | Samplaí de ghníomhaíochtaí foghlama gaolmhara an scoláire |
---|---|---|
A bheith | Sonraí a bhailiú, a léirmhíniú agus a léiriú Patrúin, treochtaí agus coibhneasa a fheiceáil | Cruthóidh an scoláire línte ama chun tuiscint maidir leis an gcróineolaíocht agus an ‘mórphictiúr’ a léiriú. Déanfaidh sé/sí anailís ar fhoinsí ag taispeáint sonraí uimhriúla, cosúil le taifid daonáirimh. |
A bheith liteartha | Smaointe a chur in iúl go soiléir agus le cruinneas Scríobh ar son cuspóirí éagsúla | Foghlaimeoidh an scoláire conas argóintí stairiúla a chur le chéile, ag taispeáint feasachta maidir le coincheapa amhail foinse agus fianaise agus cúis agus iarmhairt ina chuid scríbhneoireachta. |
Mé féin a bhainistiú | A bheith in ann machnamh a dhéanamh ar mo chuid foghlama féin |
Coinneoidh an scoláire dialann áit a ndéanfaidh sé/sí machnamh ar a c(h)uid foghlama féin agus an chaoi a bhforbraíonn a t(h)uiscint ar an saol de bharr an staidéir atá á dhéanamh aige/aici ar an stair. |
Eolas agus smaointeoireacht a bhainistiú | TFC agus na meáin dhigiteacha a úsáid chun ábhar a rochtain, a bhainistiú agus a chomhroinnt | Úsáidfidh an scoláire suíomhanna gréasáin nó acmhainní ar líne chun fianaise a bhailiú faoi ghné den saol atá caite le haghaidh tionscadal taighde. Coinneoidh sé/sí comhaid leictreonacha dá chuid/cuid oibre agus cruthóidh sé/sí cur i láthair digiteach chun a t(h)orthaí a thaispeáint.. |
A bheith cruthaitheach | Smaoineamh go cruthaitheach | Úsáidfidh an scoláire an fhianaise atá ar fáil agus a s(h)amhlaíocht chun machnamh a dhéanamh ar shaol daoine sa saol atá caite agus cuirfidh sé/sí a c(h)uid smaointe in iontráil dialainne nó i litir. Déanfaidh an scoláire samhlacha nó léiriú eile de láithreacha a bhfuil spéis stairiúil iontu, cosúil le caisleáin, cloigthithe nó láithreáin chuimhneacháin. |
Cumarsáid | Éisteacht agus mé féin a chur in iúl | Cuirfidh an scoláire daoine ina t(h)eaghlach féin nó sa phobal faoi agallamh chun cuimhní cinn nó scéalta a bhailiú. Beidh an scoláire ag comhoibriú ar thionscadail nó ar chuir i láthair i ngrúpaí. |
Obair le daoine eile | Ag cuidiú le háit níos fearr a dhéanamh den domhan | Forbróidh an scoláire an léirthuiscint atá aige/aici ar éagsúlacht agus difríocht (inscne, cultúr srl.) sa teagmháil a bhíonn aige/aici le daoine difriúla, le saincheisteanna agus le heachtraí sa saol atá caite. |
Fanacht folláin | A bheith freagrach, slán agus eiticiúil nuair atá teicneolaíocht dhigiteach in úsáid | Déanfaidh an scoláire meastóireacht ar oibiachtúlacht agus ar chothroime foinsí/ fianaise stairiúil ar líne. |