Forbhreathnú: Cúrsa
Sa tsonraíocht le haghaidh Stair na Sraithe Sóisearaí tugtar creat don scoláire chun na scileanna stairiúla, an tuiscint choincheapúil agus an t-eolas cuimsitheach as a n-eascraíonn braistint comhfhiosachta staire a fháil, áit a bhféadfaidh an scoláire an domhan agus a áit féin ann a fheiceáil ó pheirspictíocht stairiúil. Dearadh í d’íosmhéid 200 uair an chloig de rannpháirtíocht an scoláire ar an gclár ama thar thrí bliana na sraithe sóisearaí.
Tá trí shnáithe sa tsonraíocht atá nasctha le chéile, agus sraith gnéithe ceangailte ag gabháil le gach ceann acu: Snáithe 1: Nádúr na Staire; Snáithe 2: Stair na hÉireann; Snáithe 3: Stair na hEorpa agus An Domhan Mór.
Dírítear sa snáithe aontach seo ar nádúr na staire mar dhisciplín. Cuirtear béim sa snáithe ar na scileanna, na coincheapa, na luachanna agus na cuir chuige a threoraíonn foghlaim na staire. Is féidir leis an scoláire a bheith ina staraí dá bharr.
Tá trí ghné idirghaolmhara ag baint le Snáithe 1:
- Comhfhiosacht faoin stair a fhorbairt
- Obair le fianaise
- ‘An mórphictiúr’ a fháil.
Baineann gach gné le raon torthaí foghlama ina leagtar amach céard ba cheart a bheith ar eolas ag an scoláire nó céard ba cheart a bheadh sé/sí in ann a dhéanamh, tar éis dó/di a bheith ag obair ar an snáithe. Toisc gur snáithe aontach é snáithe 1, tá sé i gceist go dtabharfadh a chuid torthaí foghlama treoir d’obair an scoláire le Snáitheanna 2 agus 3, agus iad mar shnáitheanna comhthéacsúla. Ba cheart go dtabharfadh na scileanna, na coincheapa, na luachanna agus na cuir chuige atá lárnach d’obair an staraí treoir agus ba cheart go mbeadh sé ann mar bhonn taca le bheith ag féachaint ar phearsa stairiúla, ar shaincheisteanna agus ar eachtraí a dtiocfaidh an scoláire trasna orthu i snáithe 2 agus 3.
NB: Dá bharr sin, is féidir leo torthaí foghlama shnáithe 1 a dhéanamh leo féin sula dtabharfar faoi shnáitheanna 2 agus 3 ar ndóigh, ach ba cheart go gcuirfí torthaí foghlama shnáithe 1 san áireamh agus comhthéacs substainteach stairiúil shnáitheanna 2 agus 3 ar bun ag na scoláirí.
Ba cheart go mbeadh tuiscint ar fheasacht chróineolaíoch agus léirthuiscint ar phatrúin dátaí ina bhfócas láidir ag an gcomhtháthú foghlama seo thar na trí shnáithe go léir. Is bealach é línte ama a fhorbairt agus a choinneáil trína dtabharfar deis don scoláire tabhairt faoin aidhm sin ar bhealach stuama.
Tá an struchtúr sin ag teacht le cur chuige neamhlíneach maidir le dul i ngleic le torthaí foghlama. Tugann snáithe 2 agus 3 an comhthéacs don scoláire chun a thuiscint ar nádúr na staire mar dhisciplín a dhoimhniú. Dá bharr sin, beidh torthaí foghlama shnáithe 1 comhtháthaithe le torthaí foghlama shnáitheanna 2 agus 3. Ní chiallaíonn sé seo nach féidir le múinteoirí tabhairt faoi thorthaí foghlama shnáithe 1 leo féin. Is féidir le múinteoirí a bheith ag obair le scoláirí chun ‘mórphictiúr’ a fháil, ó thaobh creat uileghabhálach an tsaoil atá caite de, mar shampla, sula dtabharfaidh siad faoi thorthaí foghlama shnáithe 2 agus 3, nó fiosrú a dhéanamh ar choincheapa ar nós ‘cúis agus iarmhairt’.
Gné: Comhfhiosacht faoin stair a fhorbairt |
Nuair atáthar comhfhiosach faoin stair ciallaíonn sé sin go n-aimsíonn an scoláire bealach ar leith chun féachaint ar an domhan agus ar a áit ann ó pheirspictíocht stairiúil de. Is eol dó cén tionchar a bhíonn ag an athrú, idir athrú gearrthéarmach agus fadtéarmach, ar staid an duine agus i gcomhthéacsanna difriúla spáis agus saolta. Tá ionbhá stairiúil aige/aici freisin nó aird ar na rudaí a spreag agus a rinne daoine sa saol atá caite, i gcomhthéacs an ama sin. Is féidir leis/léi breithiúnais a dhéanamh faoi thábhacht eachtraí atá thart, agus tá léirthuiscint aige/aici faoin ngá atá le scrúdú a dhéanamh ar shaincheisteanna conspóideacha nó conspóidte bunaithe ar níos mó ná peirspictíocht amháin. Tá aird ag an scoláire atá comhfhiosach faoin stair ar an gcaoi ar mhúnlaigh daoine agus eachtraí a tharla roimhe seo a thimpeallacht agus beidh an mhothálacht sin maidir leis an stair le brath sa léirthuiscint atá aige/aici ar éachtaí an duine. Déantar machnamh sa ghné seo den snáithe freisin ar choincheapa cosúil le claontacht agus oibiachtúlacht, agus cúis agus iarmhairt. |
Gné: Obair le fianaise |
Baineann an ghné seo le ról bunúsach na fianaise chun cur ar chumas an scoláire tuiscint a fháil ar an saol atá thart. Fiosraíonn an scoláire an cineál foinse agus fianaise agus déanann sé/sí breithiúnais faoi thairbhe agus teorainneacha na gcineálacha difriúla fianaise. Tuigeann an scoláire gur rud sealadach a bhíonn sna breithiúnais ar an stair agus go mb’fhéidir go gcaithfí breithiúnais den sórt sin a athbhreithniú mar gheall ar fhianaise nua. Déanann an scoláire fiosrúchán ar réimsí éagsúla stórtha fianaise stairiúla. Déanann an scoláire fiosrúchán ar an gcaoi ar féidir le seandálaíocht agus teicneolaíocht nua cur le hobair an staraí agus cinntí á ndéanamh aige faoin saol atá caite. |
Gné: ‘An mórphictiúr’ a fháil |
Baineann an smaoineamh maidir leis an ‘mórphictiúr’ le creat stairiúil inúsáidte a thugann deis don scoláire féachaint ar an saol atá caite i gcomhthéacs domhanda leathan. Cuidíonn creat ‘mórphictiúir’ leis an scoláire patrúin mhóra athraithe de réir a chéile a fheiceáil. De réir mar a bhíonn an scoláire ag foghlaim, is féidir leis a chuid nó a cuid eolais agus tuisceana nua a chur i bhfeidhm sa chreat seo, á shíneadh agus á dhoimhniú de réir mar a leanann sé nó sí ag cur ceisteanna faoin saol atá thart agus de réir mar a fhaigheann sé nó sí eolas agus tuiscint as an nua. Tugann an ‘mórphictiúr’ deis don scoláire freisin a thuiscint chróineolaíoch a neartú agus léirthuiscint a bheith aige nó aici don tslí a bhfuil ‘réanna’ nó ‘aoiseanna’ athraithe i gceist leis an stair. Is féidir athbhreithniú agus forbairt a dhéanamh ar ‘mhórphictiúr’ tapa na staire seo thar thrí bliana foghlama an scoláire sa tsraith shóisearach. |
Baineann snáithe 2 agus 3 leis an gcomhthéacs stairiúil i dtéarmaí pearsantachtaí, saincheisteanna agus eachtraí ar a gcuireann an scoláire an tuiscint choincheapúil agus an fhoghlaim a éiríonn leis a fháil trí shnáithe 1 i bhfeidhm. Baineann snáithe 2 le Stair na hÉireann agus baineann snáithe 3 le Stair na hEorpa agus an Domhan Mór.
Tá trí ghné idirghaolmhara ag baint le snáithe 2 agus 3:
- Príomhathruithe a aithint
- Daoine, cultúr agus smaointe a fhiosrú
- Smaointeoireacht stairiúil a chur i bhfeidhm.
Gnéithe | Foramharc ar fhoghlaim an scoláire |
---|---|
Príomhathrú a aithint Baineann an ghné seo le príomhfhorbairtí in Éirinn agus san Eoraip agus sa Domhan Mór i réimsí cosúil le féiniúlacht, tógáil-náisiúin, polaitíocht agus caidrimh idirnáisiúnta. |
|
Daoine, cultúr agus smaointe a fhiosrú Baineann an ghné seo leis an tionchar a bhíonn ag smaointe agus ag creidimh maidir le staid an duine, lena n-áirítear creideamh; idé-eolaíocht; smaointe sóisialta, eacnamaíochta agus cultúrtha. |
|
Smaointeoireacht stairiúil a chur i bhfeidhm Tugann an ghné seo deis don scoláire a thuiscint agus a chuid eolais a chur i bhfeidhm go criticiúil ar fhiosruithe stairiúla difriúla. |
|