Aidhm Tá sé mar aidhm ag an staidéar ar an Stair sa tsraith shóisearach cur ar chumas an scoláire an tuiscint choincheapúil is gá agus na scileanna disciplíneacha agus an t-eolas ar ábhar is gá a fhorbairt chun iniúchadh a dhéanamh ar rudaí a rinne daoine sa saol atá thart agus teacht ar thuiscint níos doimhne maidir le staid an duine. Gheobhaidh an scoláire amharc freisin ar an domhan, agus ar a áit sa domhan, ó pheirspictíocht stairiúil; agus tiocfaidh sé ar thuiscint faoin gcaoi ar mhúnlaigh daoine agus eachtraí an tsaoil atá thart saol na linne seo. Trí iniúchadh a dhéanamh ar an saol atá thart ó pheirspictíocht stairiúil, forbraíonn an scoláire spéis agus dúil sa stair freisin agus faigheann sé luachanna agus cuir chuige a mhúnlaíonn a thuairim maidir le daoine sa saol atá thart, lena n-áirítear meas ar oidhreacht agus ar a oidhreacht chultúrtha, agus forbraítear ionbhá stairiúil ann, áit a dtugtar breithiúnas ar dhaoine i gcomhthéacs na tréimhse inar mhair siad agus bunaithe ar luachanna an ama sin. Cothaítear ómós d’ionracas agus do neamhchlaontacht sa scoláire nuair a dhéanann sé staidéar ar an stair agus bíonn sé ar a chumas féachaint ar cheisteanna ó pheirspictíochtaí difriúla. Cuidíonn an cumas sin smaoineamh go criticiúil leis foinsí faisnéise a dhiancheistiú, cinntí a dhéanamh faoi dhearcthaí a léiríodh, an cumas chun bolscaireacht a aithint san áireamh. Ar chloisteáil dó na scéalta faoi dhaoine a mhair sa saol atá thart agus ar insint na scéalta sin cuidíonn sé sin leis an scoláire tuiscint níos fearr a bheith aige faoin gcaoi a maireann daoine inniu; agus cuidíonn sé leis an scoláire foghlaim ón saol atá caite agus é ag smaoineamh ar conas dul i ngleic le fadhbanna na linne seo.