Gneithe Cailíochta
Leagtar amach thíos gnéithe cáilíochta a bhaineann le hobair scoláirí ar an Tasc Láithreoireachta agus ar an Tasc Cás-staidéir. Is féidir le múinteoirí agus le scoláirí iad seo a úsáid, i dtéarmaí ginearálta, chun tacú lena bplé faoi agus lena mbreithiúnas ar an obair a rinneadh ar na tascanna measúnaithe. Le bheith níos sonraíche, is iad na gnéithe cáilíochta na critéir a úsáidfidh múinteoirí chun obair an scoláire a mheas. Beidh an grádú ar bhonn Gnóthaithe nó Le Gnóthú Fós. Is gá gach gné cáilíochta a chríochnú go rathúil chun go mbronnfaí an grádú Gnóthaithe ar an scoláire.
|
Tasc Láithreoireachta
|
|
Gnóthaithe
- Cuireann an láithreoireacht in iúl roinnt bheag teachtaireachtaí tábhachtacha (2-3)
- Úsáidtear eochairfhocal a bhaineann leis an topaic
- Bíonn réasúnaíocht/fíricí taobh thiar de phríomhtheachtaireachtaí de réir mar is cuí.
- Déantar an láithreoireacht, ag úsáid meán oiriúnach cumarsáide le tacaí/leideanna amhairc nó leictreonacha breise más cuí
- Tugtar an láithreoireacht ag luas a ligeann don lucht éisteachta an rud a deirtear/chuirtear trasna a chloisteáil/ a thógáil.
- Tá fianaise ann ar iarracht chun ceangal a dhéanamh leis an lucht éisteachta.
- Tá réamhrá agus conclúid chinnte ag dul leis an láithreoireacht.
|
|
Tasc Cás-staidéir
|
|
Gnóthaithe le Gradam
Gnóthaithe
- Léiríonn an freagra tuiscint ar ábhar an chás-staidéir m.sh. cad a bhíonn de dhíth ar mhadra chun saol sláintiúil bheith acu.
- Taispeánann se fianaise ar fhoghlaim i dtaca leis an eolas, na scileanna agus na dearcthaí a fhorbraítear i rith an chúrsa.
- Taispeánann freagraí an cumas chun cinntí éifeachtacha a dhéanamh i suíomhanna hipitéiseacha.
- Léiríonn na freagraí freisin cumas chun eolas a aimsíodh a aithint agus a chur i bhfeidhm i gcomhthéacsanna áirithe nó i suíomhanna tugtha m.sh. úsáid a bhaint as seirbhísí agus as gairmithe sa chomhphobal i gcomhthéacsanna ar leith.
|