Aonaid Tosaíochta Foghlama
Is iad na ATFnna na comhpháirteanna lárnacha i gCláir Foghlama Leibhéal 2. Tá roinnt eilimintí i ngach ATF a shoiléiríonn an t-eolas, na scileanna agus na dearcthaí a bhíonn i gceist. Leagtar amach na ATFnna, na heilimintí agus a gcuid torthaí foghlama ábhartha in Cláir Foghlama Leibhéal 2: Treoirlínte do Mhúinteoirí. Meastar na ATFnna agus na heilimintí atá sainithe thíos bheith lárnach sa ghearrchúrsa seo.
|
Aonad Tosaíochta Foghlama |
Eilimint ATF |
Gníomhaíochtaí Foghlama Scoláire |
|---|---|---|
|
Cumarsáid agus Litearthacht |
Ag caint/ag comharthú mar is cuí ar son cuspóirí éagsúla agus aireachas mar éisteoir a léiriú |
An rud a dhéanann an scoláire
|
|
Uimhearthacht |
Airgead a bhainistiú Áireamhán a úsáid |
Fiosraíonn an scoláire na costais a bhaineann le haire a thabhairt do mhadra agus pleanálann buiséad chuige sin. Trí rólimirt agus eispéiris siopadóireachta san fhíorshaol foghlaimíonn an scoláire chun áireamhán a úsáid sa chomhthéacs seo. |
|
Aire Phearsanta |
Stíl shláintiúil mhaireachtála a fhorbairt |
Liostaíonn an scoláire na tairbhí a théann le madra bheith aige, m.sh. don aclaíocht, do chúiseanna sóisialta agus/nó folláine mheabhrach. |
|
Maireachtáil i bPobal |
Ag lorg cabhrach agus comhairle |
Déanann an scoláire taighde ar obair ghairmithe bunriachtanacha sa phobal a oibríonn le madraí agus ar féidir leo cabhair nó comhairle a lorg uathu. Déanann an scoláire rólimirt ar chás éigeandála a thuairisciú trí ghlaoch gutháin, ó bhéal nó trí théacs. |
|
Ullmhú don Obair |
Bheith ábalta spriocanna don fhoghlaim a shocrú |
I Snáithe 1 leagann an scoláire síos spriocanna foghlama don ghearrchúrsa, ag aibhsiú na réimsí chun oibriú orthu agus atá le forbairt. Taifeadann an scoláire gach a gcuirtear i gcrích agus na spriocanna seo á mbaint amach. |