Príomhscileanna eile
|
An phríomhscil |
Gné na príomhscile |
Gníomhaíocht foghlama an scoláire |
|---|---|---|
|
A bheith cruthaitheach |
Ag foghlaim go cruthaitheach |
Cruthaíonn agus eagraíonn an scoláire imeachtaí a léiríonn agus a roinneann a thuiscint ar chultúr agus teanga na Síne leis an scoil/comhscoláirí agus an pobal, e.g. Bliain Nua na Síneach, Féilte Bád an Dragain. |
| A bheith liteartha | Mo thuiscint ar fhocail a fhás | Forbraíonn an scoláire tuiscint ar an gcaoi a n-oibríonn teanga trí theanga nua a fhoghlaim. Foghlaimíonn sé le comparáidí a dhéanamh idir na teangacha ar fad a labhraíonn sé nó a ndéanann sé staidéar orthu ach an chaoi a gcuireann focail bríonna in iúl a thabhairt faoi deara. |
| A bheith uimheartha | Patrúin, treochtaí agus coibhneasa a fheiceáil | Glacann an scoláire páirt i ngníomhaíochtaí foghlama lena mbaineann uimhreacha a úsáid (ar nós aois, am, fad, cainníocht, airde a thabhairt le fios agus treoracha a thabhairt) agus tugann sé pátrúin faoi deara de réir mar a théann sé i ngleic le carachtair Shínise a scríobh. |
|
Cumarsáid |
Éisteacht agus mé féin a chur in iúl |
Glacann an scoláire páirt i gcomhráite duine le duine agus ar líne le cainteoirí Sínise ó réimse cúlraí. Glacann sé páirt i ngníomhaíochtaí agus tascanna barántúla, san fhíorshaol, d’fhonn tuiscint a fháil ar a bhfuil á rá agus chun teachtaireachtaí a chur in iúl. |
|
Eolas agus smaointeoireacht a bhainistiú |
Teicneolaíocht dhigiteach a úsáid chun ábhar a rochtain, a bhainistiú agus a chomhroinnt |
Úsáideann an scoláire an teicneolaíocht dhigiteach chun teacht ar ábhar teanga agus cultúrtha mar aon le hábhair foghlama. Úsáideann sé na meáin ar líne chun tascanna cúrsa a chur i gcrích lena chomhscoláirí. |
|
Mé féin a bhainistiú |
A bheith in ann athmhachnamh a dhéanamh ar mo chuid foghlama féin |
Foghlaimíonn an scoláire le féinmheasúnú a dhéanamh ar a leibhéal Sínise. Déanann sé machnamh ar a fhoghlaim agus leagann sé spriocanna líofachta nua ag eatraimh rialta. |
|
Fanacht folláin |
A bheith sláintiúil, fisiciúil agus gníomhach |
Fiosraíonn an scoláire meonta na Síneach i leith bia agus a ról chun sláinte agus folláine a chur chun cinn. Foghlaimíonn sé faoin gcaoi ar féidir leis na healaíona comhraic cothromaíocht mheabhrach agus fhisiciúil a fheabhsú agus faigheann sé taithí orthu. Téann sé i ngleic le gníomhaíochtaí cultúrtha óna dteastaíonn deaslámhacht agus comhordú, m.sh. gearradh páipéir, callagrafaíocht agus damhsa. |
|
Obair le daoine eile |
Foghlaim le daoine eile |
Déanann an scoláire cumarsáid i mbeirteanna agus i ngrúpaí. Cruthaíonn sé naisc éagsúla le cainteoirí Sínise i scoileanna agus pobail comhpháirtíochta. Nascann sé le hábhair scoile eile: eacnamaíocht bhaile, chun bia Síneach a dhéanamh; ceol chun amhráin Shínise a chanadh; nó stair chun foghlaim faoi stair na Síne. |