Litearthacht sna Meáin Dhigiteacha agus na príomhscileanna
|
An phríomhscil |
Gné na príomhscile |
Gníomhaíocht foghlama an scoláire |
|---|---|---|
|
A bheith cruthaitheach |
Cruthaitheacht a spreagadh trí theicneolaíocht dhigiteach a úsáid |
Scrúdaíonn scoláirí teicneolaíochtaí digiteacha agus uirlisí cumarsáide éagsúla chun a thuiscint conas a úsáidtear iad go cruthaitheach chun teachtaireachtaí a chur trasna. |
| A bheith liteartha | Téacsanna éagsúla a fhiosrú agus a chruthú, lena n-áirítear téacsanna ilmhódacha | Pleanálann, dearann agus cruthaíonn an scoláire nithe digiteacha i bhformáidí meán digiteach éagsúla. |
| A bheith uimheartha | Sonraí a bhailiú, a léirmhíniú agus a léiriú | Is féidir le scoláirí ábhar agus a smaointe a léirmhíniú agus a chur i láthair i bhfoirm ghrafach |
|
Cumarsáid |
Teicneolaíocht dhigiteach a úsáid chun cumarsáid a dhéanamh |
Úsáideann scoláirí teicneolaíochtaí digiteacha, uirlisí cumarsáide agus an t-idirlíon chun taighde a dhéanamh ar thopaicí is suim leo agus chun a dtuairimí ar na topaicí sin a chur in iúl, a roinnt agus a chur i láthair, ag cur san áireamh pobail éisteachta dhifriúla. |
|
Eolas agus smaointeoireacht a bhainistiú |
Teicneolaíocht dhigiteach a úsáid chun inneachar a rochtain, a bhainistiú agus a roinnt |
Cuardaíonn agus léirmheasann scoláirí inneachar faoi fhormáidí difriúla digiteacha ar líne. |
|
Mé féin a bhainistiú |
An teicneolaíocht dhigiteach a úsáid chun mé féin agus mo chuid foghlama a bhainistiú |
Úsáideann scoláirí teicneolaíochtaí digiteacha agus uirlisí cumarsáide chun dialann foghlama agus siurnal machnaimh ar líne a choimeád. |
|
Fanacht folláin |
Bheith sábháilte |
Cumann scoláirí cairt de chearta agus de fhreagrachtaí ar líne a shainíonn úsáid inghlactha teicneolaíochtaí digiteacha ar scoil. |
|
Obair le daoine eile |
Ag obair le daoine eile tríd an teicneolaíocht dhigiteach |
Bíonn scoláirí ag comhoibriú le chéile ag úsáid teicneolaíochtaí digiteacha m.sh. ag tabhairt aiseolais do phiaraí. |