Na Gneithe Cailíochta Tacaíonn gnéithe na tacaíochta caighdeáin le breithiúnas an scoláire agus an mhúinteora ar an Measúnuithe Rangbhunaithe agus is iad na critéir a úsáidfidh múinteoirí chun tionscadal deiridh an scoláire a mheas. Beidh ábhar níos mionsonraithe maidir le measúnú agus tuairisciú sa ghearrchúrsa seo sa tsraith shóisearach ar na meáin dhigiteacha , lena n-áirítear gnéithe cáilíochta agus sonraí na hoiriúntais praiticiúla a bhaineann le measúnú ar an Measúnú Rangbhunaithe seo, ar fáil i dtreoirlínte measúnaithe ar leith do litearthacht sna meáin dhigiteacha. Cuimseoidh na treoirlínte, mar shampla, an fad agus na leaganacha amach a mholtar le haghaidh píosaí oibre an scoláire, agus tacaíocht i dtaca le breithiúnas ‘ar an iomlán’ a úsáid i ndáil leis na gnéithe cáilíochta.