Forbhreathnú: Naisc
Léiríonn Táblaí 1 agus 2 ar na leathanaigh seo a leanas an chaoi a bhféadfaí an gearrchúrsa a nascadh le gnéithe lárnacha den fhoghlaim agus den teagasc sa tsraith shóisearach.
Fanacht Slán, Breathnú go Maith, Bheith Iontach agus ráitis foghlama
Tábla 1: Naisc idir Fanacht Slán, Breathnú go Maith, Bheith Iontach agus na ráitis foghlama
|
Ráitis Foghlama |
|
|
Ráiteas |
Samplaí d’fhoghlaim ghaolmhar sa chúrsa |
|
RF 1: Déanann an scoláire cumarsáid go héifeachtach ar bhealaí éagsúla i réimse comhthéacsanna sa T1. |
Úsáideann an scoláire an téarmaíocht cheart agus é ag dul i ngleic le daoine a thugann aire dár bhfolláine fhisiciúil agus dár gcuma phearsanta. Déanann sé cumarsáid le daoine eile sa scoil agus sa phobal i gcásanna neamhfhoirmiúla agus foirmiúla. |
|
RF 7: Tá meas ag an scoláire ar a bhfuil i gceist le bheith ina s(h)aoránach gníomhach, le cearta agus dualgais i gcomhthéacsanna áitiúla agus i gcomhthéacsanna níos leithne. |
Glacann an scoláire páirt i saoránacht ghníomhach i rith an chúrsa, go háirithe i snáithe 3, ina gceadaíonn rannpháirtíocht i ngníomhaíocht ina bpobal dó na scileanna agus an t-eolas a d’fhoghlaim sé sna snáitheanna roimhe sin a chur i bhfeidhm. |
|
RF 11: Gníomhaíonn an scoláire chun a leas féin agus leas daoine eile a chosaint agus a chothú. |
Foghlaimíonn an scoláire le cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach nuair a mhothaíonn sé tinn agus ansin sainaithníonn sé na céimeanna a bhaineann le cóireáil chuí a lorg. Sainaithníonn an scoláire freisin an tábhacht a bhaineann le hitheachán sláintiúil, dearcadh dearfach a choinneáil agus fanacht aclaí go fisiciúil. |
Fanacht Slán, Breathnú go Maith, Bheith Iontach agus príomhscileanna agus Aonaid Foghlama Tosaíochta
I dteannta a n-inneachair agus a n-eolais shonraigh, tugann ábhair agus gearrchúrsaí na sraithe sóisearaí deiseanna don scoláire chun réimse leathan príomhscileanna a fhorbairt. Díríonn curaclam na sraithe sóisearaí ar ocht bpríomhscil.
Fíor 1: Príomhscileanna na Sraithe Sóisearaí
Tá an fhoghlaim sna haonaid foghlama tosaíochta ag forluí ar phríomhscileanna na sraithe sóisearaí a forbraíodh do gach scoláire.
I dTábla 2 thíos tugtar liosta de na haonaid, de roinnt gnéithe de na haonaid sin agus na cineálacha gníomhaíochtaí foghlama bainteacha a chabhróidh leis an scoláire torthaí foghlama agus gnéithe na n-aonad a bhaint amach. Chomh maith leis sin, is féidir leis an múinteoir a lán de na gnéithe eile de phríomhscileanna na sraithe sóisearaí a fhí isteach ina chuid pleanála don seomra ranga.
Tábla 2: Naisc idir na hAonaid Foghlama Tosaíochta, gnéithe de na haonaid agus gníomhaíocht foghlama an scoláire
|
AONAD FOGHLAMA TOSAÍOCHTA |
Gné an aonaid |
Gníomhaíocht foghlama scoláire |
|---|---|---|
|
Cumarsáid, teanga agus litearthacht |
Tuiscint Léitheoireacht |
Tugann an scoláire aird ar stór focal méadaithe i dtéacs[1] agus freagraíonn dó nuair a bhíonn gairmithe a chabhraíonn lenár bhfolláine fhisiciúil agus ár gcuma phearsanta á n-aithint. Léiríonn sé go n-aithníonn sé siombailí, comharthaí, lógónna, focail a bhfuil cur amach aige orthu, litreacha nó amharcléiriú ar rudaí. |
|
Uimhearthacht |
Tomhais agus sonraí |
Déanann an scoláire na nithe seo:
|
|
Cúram pearsanta agus folláine |
Cúram pearsanta agus sláinteachas Sábháilteacht phearsanta |
Sainaithníonn an scoláire na céimeanna a bhaineann le cúram a ghlacadh dó féin agus glacann sé páirt i ngnáthaimh chúraim phearsanta. Déanann an scoláire na nithe seo:
|
|
A bheith rannpháirteach i bpobal |
Caidreamh le daoine eile Áiseanna áitiúla a úsáid A bheith slán sa phobal |
Freagraíonn an scoláire d’idirghníomhaíocht le duine eile i dtimpeallacht na scoile agus sa phobal níos leithne. Aithníonn an scoláire áiseanna áitiúla ina thimpeallacht a chuireann lena fholláine fhisiciúil agus lena chuma phearsanta. Déanann an scoláire na nithe seo:
|
|
Na healaíona |
Drámaíocht |
Fiosraíonn an scoláire agus freagraíonn sé do phrapaí, d’fheisteas, do ghníomhartha agus spreagthacha céadfacha agus é ag ullmhú do chuairt ar ghairmí leighis nó soláthraí seirbhís áilleachta. |
|
Corpoideachas |
Scileanna gluaiseachta |
Glacann an scoláire páirt i ngníomhaíochtaí a chuireann aclaíocht chardashoithíoch agus corpacmhainn chun cinn. |
[1] I rith an ghearrchúrsa, cuimsíonn 'téacs' gach toradh ar úsáid teanga: caint, gothaí, comharthaí, scríobh, leictreonach agus digiteach.