Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Ionchais maidir le scoláirí/Torthaí foghlama

Is scáth-théarma é ionchais maidir le scoláirí a nascann torthaí foghlama le samplaí anótáilte de shaothar scoláirí. I gcás na ngearrchúrsaí a d’fhorbair CNCM, beidh samplaí oibre a bhaineann le toradh foghlama ar leith nó le grúpa de thorthaí foghlama ar fáil. D’fhéadfadh go rachadh sé chun tairbhe scoile a dhearann a cuid gearrchúrsaí féin taisce samplaí d’obair scoláirí a chruthú le haghaidh plé agus tagartha amach anseo.

Tú féin a choinneáil go maith

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Cén chaoi a bhfuil mé ag mothú?
  1. 1.1

    baill choirp a shainaithint agus/nó a ainmniú

  2. 1.2

    mothúcháin i ndáil le taithí phearsanta a aithint

  3. 1.3

    réimse téacsanna a úsáid chun foclóir maidir leis an tsláinte fhisiciúil a shainaithint

  4. 1.4

    a chur in iúl do dhuine fásta a mbeadh aithne acu air/uirthi sa chás go mbeifí ag mothú tinn nó ina mbeadh cabhair ag teastáil

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Daoine a chabhraíonn le m’fholláine fhisiciúil
  1. 1.5

    gairmithe leighis agus cúiseanna le cuairt a thabhairt orthu a shainaithint

  2. 1.6

    teagascóirí agus teiripeoirí a chuireann le folláine fhisiciúil agus mheabhrach a shainaithint

  3. 1.7

    míreanna tagartha, trealamh, éide agus eispéiris chéadfacha a nascadh le gairmithe leighis, teagascóirí, teiripeoirí agus áiteanna

  4. 1.8

    cuireadh a thabhairt do ghairmí leighis agus/nó teagascóir agus/nó teiripeoir chun na scoile

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 Céard leis ar cheart dom a bheith ag súil nuair a shroichfidh mé an áit
  1. 1.9

    cleachtadh a dhéanamh ar chuairt a thabhairt ar ghairmí leighis agus/nó teagascóir agus/nó teiripeoir

  2. 1.10

    iompar cuí agus tú ag fanacht i seomra feithimh a shainaithint

  3. 1.11

    amlíne a thógáil ina leagtar amach ‘Cuairt ar...’

  4. 1.12

    eolas pearsanta a chur in iúl ar bhealach ar bith


    Síos tríd an gcúrsa, cuimsíonn ‘bealach ar bith' caint, gothaí, comharthaí, scríobh, amharc, leictreonach agus digiteach.

  5. 1.13

    aitheantas agus tuiscint a léiriú ar chomharthaí amhairc sóisialta (cógaslann nó leithris, lógónna, bealach amach, brúigh, tarraing, srl.) atá sa timpeallacht áitiúil

Ag breathnú go maith

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Cúram pearsanta
  1. 2.1

    páirt a ghlacadh i bplé faoina thábhachtaí atá sé cúram a dhéanamh den chuma phearsanta a bhíonn orthu agus roinnt bealaí chun aire a thabhairt dá gcuma a ainmniú

  2. 2.2

    riachtanais chúraim phearsanta a thabhairt le fios

  3. 2.3

    réimse téacs a úsáid chun plean cúraim phearsanta a chruthú

  4. 2.4

    táirgí cúraim phearsanta a roghnú le húsáid agus tascanna atá déanta a mharcáil ar an bplean cúraim phearsanta

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Ag cabhrú liom breathnú go maith
  1. 2.5

    soláthraithe seirbhísí áilleachta/grúmaeireachta sa phobal áitiúil a shainaithint agus na seirbhísí difriúla a sholáthraíonn siad a liostú

  2. 2.6

    a aithint, trí théacs de chineál ar bith a úsáid, go dteastaíonn airgead le híoc as na seirbhísí sin agus an méid airgid a theastóidh do na seirbhísí difriúla a ríomh

  3. 2.7

    páirt a ghlacadh i bhfíor-choinne nó i gcoinne shamhlaíoch agus an choinne a thaifeadadh pé bealach is fearr leo

  4. 2.8

    imeacht ama a aithint agus iad ag fanacht

  5. 2.9

    réimse téacsanna a sheicheamhú chun na rudaí a bhfuil siad ag súil leis ag an gcoinne a thaispeáint

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 Itheachán sláintiúil agus aclaíocht
  1. 2.10

    bianna a rangú faoi na ceannteidil sláintiúil agus míshláintiúil

  2. 2.11

    an chúis a bhfuil aiste bia cothromaithe ag teastáil a mhíniú

  3. 2.12

    suirbhé a dhéanamh ar an mbia a itear ag am lóin ina scoil agus picteagram a dhéanamh de na torthaí

  4. 2.13

    clár aclaíochta laethúil a chruthú agus uaineadóir a úsáid nó gníomhaíochtaí comhairimh a dhéanamh agus aclaíocht á déanamh

  5. 2.14

    breac-chuntas a thabhairt ar bhealaí chun ithe go sláintiúil agus coinneáil aclaí ar bhealach ar bith (póstaer, fógra raidió, srl.)

  6. 2.15

    páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht choirp shláintiúil sa phobal níos leithne

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
4 Na héadaí atá le caitheamh
  1. 2.16

    réimse éadaí a láimhseáil agus uigeachtaí difriúla éadaí a fhiosrú

  2. 2.17

    éadaí a eagrú i gcatagóirí difriúla (dath, aois, aimsir, cuspóir, srl.)

  3. 2.18

    na cineálacha éadaí a chaith siad agus iad ag fás, ag amanna difriúla den bhliain agus i gcomhair ócáidí/cuspóirí éagsúla a shainaithint

  4. 2.19

    idirdhealú a dhéanamh idir éadaí salacha agus glana agus céimeanna a shainaithint chun iad a ghlanadh agus a chothabháil

Beign great

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Tá mé iontach
  1. 3.1

    a aithint go bhfuil a ngnéithe féin uathúil agus na cosúlachtaí agus na héagsúlachtaí idir iad féin agus daoine eile a shainaithint

  2. 3.2

    a ngnóthachtálacha, cumais agus scileanna féin mar aon le cinn daoine eile a shainaithint agus a cheiliúradh

  3. 3.3

    na rudaí is maith leo agus a bhfuil spéis acu iontu a chur in iúl ar bhealach ar bith

  4. 3.4

    machnamh a dhéanamh ar an obair a chruthaigh a gcomhscoláirí, ag aithint cosúlachtaí agus éagsúlachtaí agus freagairt go cuí

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 M’fholláine mheabhrach
  1. 3.5

    an chiall atá le meabhairshláinte dhearfach a bheith agat a shainaithint

  2. 3.6

    tuiscint a léiriú gur cuid den saol é botúin a dhéanamh agus foghlaim uathu

  3. 3.7

    na cineálacha difriúla dúshlán agus an strus a bhaineann leo sa saol a aithint

  4. 3.8

    raon straitéisí agus teicnící le déileáil le dúshláin agus strus an tsaoil a shainaithint agus a chleachtadh

  5. 3.9

    leas a bhaint as teicnící scíthe agus aireachais

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 A bheith sóisialta
  1. 3.10

    Áiteanna agus iompraíochtaí poiblí/phríobháideacha a aithint

  2. 3.11

    Idirdhealú a dhéanamh idir daoine a bhfuil agus nach bhfuil aithne acu orthu

  3. 3.12

    beannú do dhaoine de réir mar is cuí ar scoil agus sa phobal níos leithne

  4. 3.13

    iompraíocht agus béasa cuí a shainaithint nuair a bhíonn cuairt á tabhairt ar chonláistí/áiseanna ar scoil agus sa phobal níos leithne

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
4 Cur le mo phobal
  1. 3.14

    cúram agus meas orthu féin, ar a bpobal agus ar an timpeallacht a shainaithint agus a léiriú

  2. 3.15

    cur le cinnteoireacht sa rang agus/nó sa ghrúpa chun cinneadh a dhéanamh ar ghné dá bpobal ar mhaith leo cur leis

  3. 3.16

    plé a dhéanamh ar an méid a bheidh le déanamh lena chinntiú go dtarlóidh an ghníomhaíocht agus na cinntí sin a chur i bhfeidhm

  4. 3.17

    fianaise ghrianghrafadóireachta a bhailiú chun an ghníomhaíocht a léiriú agus machnamh a dhéanamh air

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.