Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Réasúnaíocht

Tógann an gearrchúrsa seo ar fhorbairt raon de scileanna pearsanta, sóisialta agus praiticiúla. Tarlaíonn sé seo i gcomhthéacs an scoláire ag foghlaim conas aire a thabhairt dá fholláine fhisiciúil, mhothúchánach agus mheabhrach. Spreagann sé an scoláire le bheith níos freagraí agus níos neamhspleáiche. Tá deiseanna ann tríd síos don scoláire chun na seirbhísí atá ar fáil sa phobal i gcoitinne a fhiosrú agus chun páirt ghníomhach a ghlacadh sna seirbhísí sin. Forbraítear scileanna saoil praiticiúla sa chúrsa freisin ar nós airgead a úsáid, beannú do dhaoine i gceart, roghanna saoil a dhéanamh, agus iompar sóisialta cuí a léiriú.  Forbraítear eolas, scileanna agus meonta don saol ina dhiaidh sin trí naisc leis an bpobal, tionscadail chruthaitheacha, uimhearthacht, cumarsáid agus litearthacht.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.