Raitís Foghlama
| Ráiteas | Samplaí d’fhoghlaim ghaolmhar sa chúrsa |
|---|---|
| RF 5: Tá feasacht ag an scoláire ar luachanna pearsanta agus tuiscint ar phróiseas na cinnteoireachta morálaí. | Cuireann an cúrsa seo deiseanna ar fáil don scoláire scrúdú a dhéanamh ar raon ceisteanna ó dhearcadh eiticiúil; chun luachanna níos soiléire a fhorbairt agus le smaoineamh ar bhealach criticiúil faoin gcaoi a ndéanann sé cinntí bunaithe ar na luachanna seo agus ar smaointeoireacht shoiléir, loighciúil agus dhian. |
| RF 6: Tuigeann an scoláire an chaoi a gcuireann luachanna, creidiúintí agus traidisiúin éagsúla leis na pobail agus leis an gcultúr ina maireann sé/sí agus tá meas aige/aici orthu. | De réir mar a théann an scoláire i ngleic le fiosrúchán fealsúnachta maidir le roinnt de cheisteanna móra an tsaoil, spreagtar é/í chun cuimhneamh ar shamplaí agus ar dhearcthaí ó réimse comhthéacsanna cultúrtha, reiligiúnacha nó tíreolaíocha. Trí fhiosrú a dhéanamh ar choincheapa agus ar cheisteanna fealsúnachta, gheobhaidh an scoláire léirthuiscint ar raon luachanna, creideamh agus traidisiún a bhfuil cruth curtha acu ar an domhan mórthimpeall air agus gheobhaidh sé/sí tuiscint chomh maith ar uilíocht ceisteanna maidir le moráltacht agus córais chreidimh. |
| RF 18: Déanann an scoláire breathnú agus measúnú ar eachtraí agus ar phróisis eimpíreacha agus baineann tátail agus cinntí bailí astu. | Spreagann an fhealsúnacht úsáid réasúnaíocht chúramach agus loighciúil agus an scoláire ag déanamh anailíse agus measúnaithe ar thairiscintí agus ar argóintí lena n áirítear falláis loighciúla, teacht ar chonclúidí agus teacht ar sheasamh measta. |