Forbhreathnú: Cúrsa
Díríonn an tsonraíocht don ghearrchúrsa códaithe seo de chuid na sraithe sóisearaí ar scileanna réitigh fadhbanna an scoláire a fhorbairt trí thrí shnáithe nasctha: Bunchúrsa sa Ríomheolaíocht, Nascaimis agus Códú ag an gCéad Chéim Eile.
Sa snáithe seo, fiosraíonn an scoláire an réimse úsáidí a bhíonn ag ríomhairí i saol an lae inniu agus foghlaimíonn sé leis na cruaearraí agus leis na bogearraí bunúsacha a ritheann iad a thuiscint. Áirítear leis seo foghlaim le cód a scríobh, a thástáil agus a mheasúnú.
Cuireann an snáithe seo le tuiscint an scoláire ar an ríomhaire mar uirlis cumarsáide trí shonraí a stóráil agus a ionramháil. Bíonn deis ag an scoláire freisin ábhar nó dúshlán sa ríomheolaíocht a spreagann é a shainaithint agus taighde a dhéanamh air, é a chur i láthair agus aiseolas a fháil faoi.
Sa snáithe seo, tugtar buneolas don scoláire ar leibhéil códaithe níos casta agus bíonn sé in ann a thuiscint a thaispeáint trí thaifeadadh, trí phlé agus trí aiseolas.
Dearadh an cúrsa seo le déanamh in ord loighciúil: snáithe 1 ar dtús agus ansin snáithe 2 agus snáithe 3. Cuireann sé sin ar chumas an scoláire tógáil ar na scileanna a d’fhoghlaim sé cheana féin. Is snáithe bunúsach é Snáithe 1 ina dtugtar buneolas ar an ábhar, agus ba cheart tabhairt faoi sin ar dtús. D’fhéadfadh an scoil tabhairt faoin dá shnáithe eile i pé ord a cheapann sí is fearr dá scoláirí.