Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Measunú don Teistiúchain

Measúnú don Teistiúchán

Beidh measúnú don teistiúchán scoilbhunaithe. Tá dhá thasc mheasúnaithe i gceist: Tasc chun Láthair Choire Bhréige a Fhiosrú agus Tasc Turgnamh Eolaíochta. Tá an t-ualú céanna ag dul leo agus ní mór do scoláirí grád Gnóthaithe a fháil ar gach ceann de na tascanna measúnaithe le haghaidh teistiúcháin. Déanfar na tascanna measúnaithe i dtreo dheireadh an chúrsa, mar go gclúdaíonn na tascanna atá i gceist na snáitheanna go léir agus líon mór de thorthaí foghlama an chúrsa.  Ní chuirtear san áireamh obair ón gcéad bhliain mar chuid den mheasúnú don teistiúchán.

Tasc chun Láthair Choire Bhréige a Fhiosrú

Is féidir an tasc seo a dhéanamh tar éis Snáithe 3 a chríochnú. Cuirtear láthair choire bhréige i láthair an scoláire (go fisiceach/ó bhéal/trí chomharthaíocht láimhe/ó amharc/i bhformáid scríofa). Éisteann/léann/breathnaíonn an scoláire go haireach agus aithníonn ceann amháin nó níos mó de phíosaí fianaise fhisiceach a d’fhéadfaí a thástáil chun cabhrú leis an gcoir a fhuascailt.  Is féidir liosta amhrastach a tharraingt aníos bunaithe ar fhianaise sa láthair choire bhréige agus iad a chur faoi agallamh. Éilíonn an tasc ar an scoláire na huirlisí tomhais agus /nó an teicneolaíocht is oiriúnaí a roghnú chun taifead agus caomhnú a dhéanamh ar an bhfianaise ó láthair na coire.  Roghnaítear cleachtais eolaíochta iomchuí chun scrúdú a dhéanamh ar fhoinse fianaise amháin. Pléann nó déanann an scoláire plean bunúsach, nó úsáideann siad pictiúir chun na céimeanna is gá a ghlacadh a léiriú, chun an fhoinse fianaise seo a scrúdú.

Tasc Turgnamh Eolaíochta

Déantar an turgnamh fóiréinseach a roghnaíodh sa tasc chun Láthair Choire Bhréige a Fhiosrú ar an bhfianaise a roghnaíodh. Ba chóir an trealamh a theastaíonn don turgnamh a ainmniú/aimsiú.  Ba chóir go léireodh an scoláire feasacht ar ghuaiseacha sábhála agus ar an ngá chun gnásanna sábháilte a leanúint nuair a bhíonn duine ag obair i saotharlann. Déanfaidh roinnt scoláirí an turgnamh, is féidir go dtreoródh cinn eile duine éigin eile, agus treoracha á gcur in iúl ó bhéal má choisceann míchumas an scoláire ón tasc a dhéanamh iad féin. Rogha eile is ea an scoláire an t-eolas a chur in iúl trí roghnú agus seicheamhú ceart pictiúr a léiríonn na huirlisí/céimeanna a bhaineann leis an turgnamh eolaíochta.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.