Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Gneithe Cailíochta

Leagtar amach thíos gnéithe cáilíochta a bhaineann le hobair scoláirí ar an dá thasc. Is féidir le múinteoirí agus le scoláirí iad seo a úsáid, i dtéarmaí ginearálta, chun tacú lena bplé faoi agus lena mbreithiúnas ar an obair a rinneadh ar na tascanna measúnaithe.   Le bheith níos sonraíche, is iad na gnéithe cáilíochta na critéir a úsáidfidh múinteoirí chun obair an scoláire a mheas.  Beidh an grádú ar bhonn Gnóthaithe Le Gnóthú Fós.  Is gá gach gné cáilíochta a chríochnú go rathúil chun go mbronnfaí an grádú Gnóthaithe ar an scoláire.

Tasc chun Láthair Choire Bhréige a Fhiosrú
Gnóthaithe

  • Léirítear an seicheamh céimeanna a bhaineann le fianaise ó láthair choire a bhreathnú, a bhailiú, a thaifead agus a chaomhnú
  • Úsáidtear trealamh cuí chun an fhianaise a bhailiú
  • Ainmnítear cleachtais chuí chun scrúdú a dhéanamh ar phíosa amháin fianaise a bailíodh
  • Cuirtear faisnéis in iúl trí roinnt eochairthéarmaí ábhartha agus foclóir oiriúnach a úsáid

Tasc Turgnamh Eolaíochta
Gnóthaithe

  • Léiríonn an obair buntuiscint ar an gcaoi chun turgnamh fóiréinseach a dhéanamh ar phíosa fianaise fhisiceach
  • Úsáidtear modhanna oiriúnacha chun anailís a dhéanamh ar fhianaise fhisiceach
  • Is léir go dtuigtear conas an turgnamh a roghnaíodh a dhéanamh
  • Léirítear feasacht ar an tábhacht atá le gnásanna sábháilteachta, más cuí
  • Bunaithe ar thorthaí an turgnaimh, baintear tátail as chun an choir a fhuascailt
  • Úsáidtear eochairfhocail oiriúnacha chun faisnéis a chur in iúl
  • Tá roinnt fianaise ann ar phleanáil sheicheamhach
  • Déantar tuartha buntúsacha agus/nó tuairimí agus/nó freagairtí mothúchánacha i leith na hoibre (gnéithe a bhí taitneamhach/ pas beag deacair/a dhéanfaí go difriúil in athuair)
Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.