Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Forbhreathnú: Cúrsa

Tá an cúrsa OSPS seo sa tsraith shóisearach deartha chun an scoláire a chumasú braistint dhearfach féiniúlachta a fhorbairt agus cumas a fhorbairt aire a thabhairt dó féin agus do dhaoine eile. Tá sé deartha timpeall ar cheithre shnáithe idirnasctha agus ar thrí ghné thrasghearrtha.

overview of course diagram

Díríonn an snáithe seo ar fhorbairt féinfheasachta agus féinmhuiníne agus ar thógáil roinnt de na bunscileanna agus meonta atá ag teastáil ó chaidrimh shláintiúla agus chun a bheith rathúil sa saol (lena n-áirítear cumarsáid agus idirbheartaíocht, éisteacht, comhbhá a léiriú, meas a léiriú ar dhifríochtaí, agus féinbhainistíocht/féinrialúchán).

Cuireann an snáithe seo deiseanna ar fáil don scoláire machnamh a dhéanamh ar conas roghanna sláintiúla a dhéanamh le tacú lena fholláine. Déanann sé iniúchadh ar céard is sláinte ann do dhéagóirí, céard é a chuidíonn nó a choisceann roghanna sláintiúla agus conas eolas iontaofa a fháil le tacú le roghanna maithe.  Cleachtfaidh an scoláire scileanna a theastaíonn chun roghanna sláintiúla a dhéanamh agus chun tuiscint a fháil faoi thosca comhthéacsúla a imríonn tionchar ar roghanna, amhail an teaghlach, chomhscoláirí, na meáin agus brú sóisialta.

Déanann an snáithe seo iniúchadh ar ghnéithe cognaíochta, fisiceacha, mothúchánacha agus sóisialta de chaidrimh agus de ghnéasacht trí chur chuige dearfach, ionchuimsitheach atá bunaithe ar chearta agus ar fhreagrachtaí. Tá an bhéim ar chaidrimh teaghlaigh, ar chairdeas, ar chaidrimh rómánsúla agus ar chaidrimh ghnéis fhéideartha amach anseo.

Díríonn an snáithe seo go príomha ar fholláine mhothúchánach agus ar mheabhairshláinte dhearfach a chur chun cinn. Cuidíonn sé leis an scoláire scileanna réitigh fadhbanna agus scileanna chun dul i ngleic le deacrachtaí a fhorbairt sa chaoi is gur féidir déileáil le buaicphointí agus íosphointí mothúchánacha an tsaoil. Déanann sé imscrúdú ar an dóigh ar féidir leis tacú leis féin agus le daoine eile le linn tréimhsí dúshlánacha agus pléann sé leis an áit a bhfuil tacaíocht ar fáil, agus conas í a fháil, más gá.

Tá trí ghné thrasghearrtha mar bhonn faoi na ceithre shnáithe, agus tá siad thar a bheith tábhachtach do theagasc agus d’fhoghlaim éifeachtach in OSPS. Is iad sin:

  • Feasacht
  • Dialóg
  • Machnamh agus gníomh.

Feasacht

Is inniúlacht í an fheasacht a chuireann lenár gcumas ár smaointe, mothúcháin, luachanna agus iompar a thuiscint. Cuimsíonn sé an tuiscint conas a imríonn tosca difriúla tionchar ar thuiscint ár nádúir féin agus conas a chaitheann muid ár saol, ina n-áirítear tionchar an teaghlaigh, comhscoláirí, an t-idirlíon, inscne, cultúr agus noirm shóisialta. Cuimsíonn an ghné seo tuiscint gurb é is duine ann ná a bheith i mbun caidrimh le daoine eile agus go bhfuil daonnacht, dínit, cearta agus freagrachtaí i bpáirt againn.

Dialóg 

Trí theagasc agus trí fhoghlaim dhialógach cuidítear leis an scoláire a bheith páirteach le dearcthaí éagsúla; comhrá agus machnamh a dhéanamh ar a dhearcthaí, a luachanna agus a iompraíochtaí agus dearcthaí, luachanna agus iompraíochtaí daoine eile; a thuiscintí ar thopaicí ábhartha dá shaol a mhéadú; agus teacht ar chinntí eolasacha, smaointeacha bunaithe ar a luachanna pearsanta, agus aird chuí ar a chearta agus ar a fhreagrachtaí féin agus ar chearta agus ar fhreagrachtaí daoine eile. Nuair a ghlactar leis go mbeidh ilchineálacht na gcúlraí, na bhféiniúlachtaí, na gcultúr agus na taithí i ngach seomra ranga agus feictear mar acmhainn le haghaidh foghlama é sin, cuidítear le dialóg mheasúil.

Machnamh2 agus gníomh

Díríonn an ghné thrasghearrtha seo ar an scoláire ag déanamh machnamh ar a bhfuil foghlamtha aige agus ag teacht ar a léargas agus a chonclúidí pearsanta féin mar fhreagairt ar a fhoghlaim. Cuireann sí ar chumas an scoláire cuimhneamh ar an gcaoi ar féidir leis an bhfoghlaim eolas a chur ar fáil dá chuid roghanna, iompair agus caidreamh, agus ag déanamh amach cén bhaint atá ag an bhfoghlaim lena shaol anois agus amach anseo. Is ‘praitic’ í an fhoghlaim in OSPS; próiseas leanúnach de mhachnamh criticiúil agus gníomh, á chothú ag dialóg le daoine eile. 

2Is é is machnamh ann ná “inniúlacht chun seasamh criticiúil a ghlacadh roimh chinnteoireacht, rogha agus gníomh, ar nós seas siar ón rud measta, aitheanta agus glactha; cás a mheas ó dhearcthaí difriúla, agus ag féachaint thar an gcás láithreach chuig na torthaí fadtéarmacha agus indíreacha a bhaineann le roghanna agus gníomhartha duine. Cuireann sé seo ar chumas daoine aonair leibhéal aibíochta a bhaint amach agus dá bharr sin is féidir leo dearcthaí difriúla a ghlacadh, breithiúnais neamhspleácha a dhéanamh agus freagracht a ghlacadh dá chinntí agus dá ghníomhartha.” ECFE (2020), Technical Report: Curriculum Analysis of the OECD Future of Education and Skills 2030.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.