Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Acmhainní le haghaidh foghlama agus teagaisc in OSPS

Roghnaíodh na hacmhainní teagaisc agus foghlama sna hUirlisí úsáide seo go cúramach chun tacú le múinteoirí agus iad ag pleanáil le haghaidh OSPS na Sraithe Sóisearaí. Ní liosta saintreorach d’acmhainní teagaisc agus foghlama iad agus tá cead ag gach múinteoir/scoil agus ag gach rang na hacmhainní is fearr dóibh féin a roghnú bunaithe ar a gcuid riachtanas féin. Is iondúil go mbíonn daoine óga atá sa tsraith shóisearach idir 12 bhliain d’aois agus 15/16 bliana d’aois. Ní bhíonn na daoine óga ag an gcéim chéanna ó thaobh na forbartha mothúchánaí, forbartha sóisialta ná forbartha fisiciúla de agus déanfar difear dá dtaithí foghlama in OSPS/OCG de thoradh a gcuid taithí saoil a bheidh difriúil.  Forbraíodh na hacmhainní sna hUirlisí úsáide ag gníomhaireacht nó eagraíocht stáit, ag a bhfuil dea-chuntas teiste oideachasúil sa réimse OSPS, don aoisghrúpa seo. Chun pleanáil a éascú, tá na hacmhainní mapáilte go cúramach i gcoinne torthaí foghlama OSPS na Sraithe Sóisearaí. Mar sin féin, ní mór don múinteoir OSPS ábharthacht agus oiriúnacht gach acmhainne a mheas, ós rud é gurb é an múinteoir an té is fearr chun na hacmhainní a aithint atá oiriúnach chun tacú le foghlaim i gcomhthéacs riachtanais uathúla, staid forbartha agus comhthéacs scoile a scoláirí.

Is féidir teacht ar na critéir le haghaidh roghnú na n-acmhainní anseo.

Acmhainní tri Gaeilge don tSraith Shoisearach OSPS

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.